D'oscail Coiste Pháirc Spraoi agus Comhlacht Forbartha an Spidéil páirc spraoi nua inniu ar shuíomh a bhronn CLG an Spidéil orthu. Fuarthas deontas Clár €100,000 agus bhailigh an coiste agus an comhlacht €39,000 ó lucht gnó agus muintir an Spidéil. Pictiúir: Seán Ó Mainnín
Dé Luain, Lúnasa 10 2020 ag 12:30 pm
Tá Conor Ó Broin (18 mí) lánsásta a bheith ard san aer agus Lorna lena ais.
An pháirc spraoi ghalánta ag Coláiste Chonnacht, taobh le páirc pheile Chumann CLG an Spidéil
Stiofán Mac Suibhne, Cristín Cox agus Aodán Mac Donnacha, Comhlacht Forbartha an Spidéil a bhí i mbun an togra
Aoife Ní Chonghaile, Aodán Mac Donnacha agus Katie Ní Loingsigh, Fóram Chois Fharraige um Phleanáil Teanga
‘Ná bíodh faitíos ort.’ Áine Lally ag tabhairt misneach dá hiníon ar an sleamhnán
Ag siúl le Mam
Thuas san aer
Is mór an spórt é ag ceathrar
Cén chaoi a n-oibríonn sé seo?
Máithreacha agus aithreacha ag tabhairt cead a gcinn do na páistí san ionad spraoi nua
Is deacair é a bhualadh!
Idir shúgradh agus dáiríre. Rory Cox ag spraoi
Kate agus Anú Fennell agus Fionnuala Ní Fhlatharta
Timmy Ó Flatharta, Jackie Ní Fhlatharta agus Ina Feeney ag an seoladh
Na gasúir ag bualadh bleid ar a chéile ar dhroichead speisialta
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Spraoi is spórt ag páistí agus páirc spraoi nua oscailte ar An Spidéal'