GAILEARAÍ: Sparánacht PJ Mhuiceanach bronnta i Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua

Evan Ó Gríofa as Poll Uí Mhuirinn, Leitir Móir a fuair gradam PJ Mhuiceanach Mac Donncha i Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua i mbliana. Bronntar an gradam seo ar 'Scoláire na Bliana' i mbliain na hArdteiste. Áine Ní Chualáin, as Casla a fuair Sparánacht Europus as feabhas a cuid Gaeilge scríofa agus labhartha. Pictiúir: Iain McDonnell

Evan Ó Gríofa agus Áine Ní Chualáin ar bronnadh Sparánacht PJ Mhuiceanach agus Sparánacht Europus orthu ag ócáid  i Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua le déanaí. Bronntar Sparánacht PJ Mhuiceanach i gcuimhne ar an iarscoláire PJ Mhuiceanach Mac Donncha, a fuair bás go tubaisteach i 1994.

 

Peadar Ó Loideáin, cara le PJ Mhuiceanach, ag tabhairt phríomhóráid na hóiche

 

Peadar Ó Loideáin, comhscoláire le PJ

 

Gráinne Nic an Bhaird, duine de mhúinteoirí Scoil Chuimsitheach Chiaráin

 

Niamh Ní Dhonncha, neacht le PJ Mhuiceanach, ag caint

 

Annabel Ní Chonghaile, an chéad scoláire a fuair Sparánacht PJ Mhuiceanach, in 2018

 

Niamh Ní Dhonncha, neacht le PJ Muiceanach, ag bronnadh Gradam PJ Mhuiceanach ar Evan Ó Gríofa in éineacht le Treasa Ní Fhatharta, Bainisteoir Chomhar Creidmheasa Cholmcille. Bronntar an gradam i gcuimhne ar an iarscoláire PJ Mhuiceanach Mac Donncha, a fuair bás go tubaisteach i 1994

 

Evan agus a mháthair, Delia Ní Ghríofa agus Niamh Ní Dhonncha

 

Sparánacht Europus á bronnadh ar Áine Ní Chualáin ag Sinéad Ní Ráinne, Stiúrthóir Europus, an comhlacht aistriúcháin

 

Evan Ó Gríofa agus Áine Ní Chualáin leis na hiarscoláirí Áine Nic Dhonnacha agus Íde Ní Churrraoin, ar chlé, agus Laura Ní Ghoill agus Saoirse Ní Icí, ar dheis

 

Bridie Mac Donncha, máthair PJ Mhuiceanach, le PJ óg, mac le Marc, deartháir PJ

 

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Sparánacht PJ Mhuiceanach bronnta i Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua'