Bhí slua maith i láthair ag Ceiliúradh an Bhlascaoid in Ionad an Bhlascaoid Mhóir i nDún Chaoin i mbliana, mar ar bronnadh sparánacht, a thionscain an Dr Maidhc Ó Ceárna, iar-Bhlascaodach nach maireann, ar Shiobhán Ní Neachtain. Ba é téama Cheiliúradh na bliana seo ná Piaras, Piaras Feiritéar, an file agus an laoch béaloidis
Is í Siobhán Ní Neachtain, ón gCoill sa Daingean, a ghnóthaigh Sparánacht an Bhlascaoid i mbliana.
D’fhógair Lorcán Ó Cinnéide, Rúnaí Fhondúireacht an Bhlascaoid an sparánacht ag an deireadh seachtaine. Iníon í Siobhán le Marina agus Éamon Ó Neachtain agus bronnadh seic€1,000 uirthi. Is é an Dr. Maidhc Ó Ceárna, iar-Bhlascaodach, nach maireann,a thionscain an sparánacht roinnt blianta ó shin chun deis a thabhairt do dhaoine óga i gCorca Dhuibhne, staidéar níos doimhne a dhéanamh ar theanga agus ar chultúr na Gaeltachta. Is í Maureen Carney Hayes, iníon Mhaidhc, a bhronn an seic ar Shiobhán in Ionad An Bhlascaoid mar chuid de chlár Cheiliúradh an Bhlascaoid a bhí ar bun ag an deireadh seachtaine.
Fondúireacht an Bhlascaoid, i gcomhar le teaghlach Uí Cheárna i Meiriceá agus Ionad an Bhlascaoid a riarann an Sparánacht.
Rinne Siobhán an Ardteist i bPobalscoil Chorca Dhuibhne i mbliana agus tá sí ag freastal ar Ollscoil Chorcaí an aimsir seo.
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Slua maith i láthair ag Ceiliúradh an Bhlascaoid i nDún Chaoin agus sparánacht bronnta ar mhac léinn óg ón Daingean'
Muiris Ó Bric
Ana dheas. Ceiliúradh breá mar is gná. Níl aon áit mar é chun ceiliúradh may é. Go raibh míle maith as na Pictiúirí breá. Cúpla cara Ana dhílis dom ina measc
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:Ok
Muiris Ó Bric
Ana dheas. Ceiliúradh breá mar is gná. Níl aon áit mar é chun ceiliúradh may é. Go raibh míle maith as na Pictiúirí breá. Cúpla cara Ana dhílis dom ina measc