GAILEARAÍ: Siansa Gael Linn beagnach buailte linn

Is ar an Domhnach seo chugainn, an 26 Aibreán, a bhaileoidh plúr ceoltóirí óga na tíre seo agus lucht leanta an cheoil le chéile sa Cheoláras Náisiúnta, Baile Átha Cliath ag 7.30 i.n. le haghaidh chraobhchomórtas Siansa Gael Linn 2015, ceann de mhórócáidí ceoil thraidisiúnta na bliana

Ocht ngrúpa ceoil a ghlacfaidh páirt sa chomórtas seo san iomlán. Is iadsan:

Pléascadh, Leac Snámha, Co. Chiarraí
Gliondar, Coláiste Íde agus Iosef, Mainistir na Féile, Co. Luimnigh
Faoiseamh, Corafinne, Co. an Chláir
Glór Mhaigh Eo, Coláiste Daibhéad, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo.
Beogacht, Coláiste na nUrsulach, Sligeach.
Meargánta, Ard Mhacha
Na Rógairí, Coláiste Cois Life, Leamhcán, Baile Átha Cliath.
Caiseach, Ceoltóirí Bhaile na Manach, Co. Átha Cliath.

Faoi dheireadh na n-imeachtaí, beidh ceann de na grúpaí thuasluaite caithréimeach ag dul abhaile dóibh agus gradam Siansa Gael Linn buaite acu. Corn Gael Linn agus seic €2,500 an duais atá le buachtaint!

Is den chéad uair a chloisfear Pléascadh, Gliondar, Faoiseamh, Beogacht agus Caiseach, rud a léiríonn bisiúlacht agus treise ceoil thraidisiúnta na tíre seo agus an gealladh atá faoi ar na saolta seo. Ag filleadh chun stáitse beidh ‘Glór Mhaigh Eo’ agus ‘Na Rógairí’, agus chualathas baill de ‘Meargánta’ ag casadh cheana le grúpaí eile.

Craolfar Siansa beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus beidh tuairisc chuimsitheach agus alt breá ar an ócáid san iris Irish Music Magazine. Tá Siansa á reáchtáil ag Gael Linn le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge, RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Irish Music Magazine.

Ticéid €12 (€6 do dhaltaí) ar fáil ag an gCeoláras 01-4170000 nó www.nch.ie.

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Siansa Gael Linn beagnach buailte linn'