Naoi ngradam ar fad a bronnadh ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais in INEC Chill Airne ag Oireachtas na Samhna aréir, ina measc Buaic-Ghradaim Cumarsáide an Oireachtais, a bronnadh ar iar-leascheannaire agus duine de mheitheal bhunaithe TG4, Pádhraic Ó Ciardha. Pictiúir: Seán Ó Mainnín
Tá póigín tuillte agat, a Phádraic! Pádhraic Ó Ciardha agus a bhean Mary
Máirín de Brún, Oireachtas na Gaeilge, Máirín Uí Chonghaile, Uachtarán an Oireachtais, Ciara Ní É a bhuaigh an gradam do haischlib na bliana do #Nílsécgl, agus Rosemary Day, ball de Bhord Údarás Craolacháin na hÉireann
Lucht Ros na Rún ag na Gradaim Chumarsáide: Ó chlé: Niall Mac Eamharcaigh, Eoin Mac Diarmada, Anna Maria Nic Dhonnacha, Pól Ó Gríofa agus Seán Ó Baoill
Breanndán Ó Beaglaoich ag glacadh leis an ngradam do Shraith Teilifíse na Bliana a bronnadh ar ‘Camino an tSáile’. léiriú de chuid Anú Pictures
Róisín Ní Chéilleachair ag glacadh leis an ngradam do Shraith Raidió na Bliana, ‘Seo an Saol’ ó BBC Raidió Uladh
Orla Ní Fhinneadha ag glacadh leis an ngradam do Phearsa Teilifíse na bliana thar ceann Chaitlín Nic Aoidh, TG4
Gradam Pearsa Raidió na Bliana á bhronnadh ar Helen Ní Shé, láithreoir ‘An Saol Ó Dheas’ ar RTÉ Raidió na Gaeltachta
Helen Ní Shé i mbun cainte
Eoghan Mac Giolla Bhríde ag glacadh leis an ngradam Scannán na Bliana a bhuaigh ‘Song of Granite’, léiriú de chuid Marcie Films
Seán Mac an tSíthigh ó Nuacht TG4 ar bronnadh an gradam Iriseoir na Bliana. air
Réalta Óg na Bliana. Damien Ó Dónaill, RTÉ Raidió na Gaeltachta agus a ghradam á bhronnadh air
Geraint Lloyd Owen, Ard-Draoi na Breataine Bige ag an Oireachtas lena bhean Iola agus a n-iníon Awen
Máirín Nic Dhonnchadha, Oireachtas na Gaeilge, ag fógairt na mbuaiteoirí
Pádhraic Ó Ciardha, iar-leascheannaire TG4, ag déanamh ar an ardán chun glacadh le Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais
Aitheantas saoil tugtha do Phádhraic Ó Ciardha
Pádhraic Ó Ciardha lena bhean Mary agus a mhac Seán
Na Duibhnigh go deo! Breanndán Ó Beaglaoich agus Seán Mac an tSíthigh ag ól deoch ar a ngardaim
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:
Aine ni Fhiannusa
Mo cheol thú Sean Mac an tSithigh, an iriseoir is fearr le fada an lá ar RTÉ i nGaeilg nó i mBéarla. Comhgháirdeachas .