Bhí údar ríméid agus mórtais ag foireann rugbaí faoi 14 Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua i gConamara nuair a fuair siad an lámh in uachtar ar Choláiste Naomh Iarfhlatha i gcluiche ceannais Chraobh Chonnacht i nGaillimh Dé Céadaoin. Pictiúir: Seán Ó Mainnín
Ciarán Mac Donnacha, Uimhir 8, ag déanamh a bhealaigh trí líne chosanta Choláiste Iarfhlatha Thuama
Súil ghéar ag an leathchúlaí amuigh, Calam Ó hIcí, ar dheiseanna ionsaithe
An liathróid bainte den naoscaire, Shay Mannion
Micí Óg Ó Sé agus James Carr faoi bhrú ag imreoir Naomh Iarfhlatha
Shay Mannion ar sodar i dtreo na líne le haghaidh úd a fháil do Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua
Súil ghéar ar an gcaithemah isteach
Brú brú sa gcarnán ach coinnigí oraibh!
Naomh Iarfhlatha ag iarraidh dul trasna na líne
Ríméad ar imreoirí Naomh Iarfhlatha agus údscóráilte acu
Na cosa agus an liathróid tugtha leis ag Ciarán Mac Donnacha as an gclibirt
Micí Óg Ó Sé ar an ionsaí
Calam Ó hIcí, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, ag seasamh an fhóid in aghaidh bhuachaillí Choláiste Naomh Iarfhlatha
Fionnán Ó Conghaile bailithe tríd agus é ag déanamh ar an líne
Úd ag Fionnán Ó Conghaile d’fhoireann Chonamara
Lámha in airde don chaitheamh isteach
An liathróid faighte ag scorach na Scoile Cuimsithí
An fheadóg séidte agus buachaillí faoi 14 Scoil Chuimsitheach Chiaráin na Ceathrún Rua ina seaimpíní rugbaí ar Chonnachta
Liú áthais agus mórtais!
Seaimpíní Chonnacht as Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua
An sciath ag an bhfoireann
Curaidh Chraobh Chonnacht Faoi 14. Ar chúl ó chlé: Eoin Ó Ráinne, Cian Ó Cualáin, Colin Mac Donnacha, Paudí Gaora Ó Gríofa, Shay Mannion, Pat Murphy, Seán Ó Domhnaill, Ciarán Mac Donnacha, Micí Óg Ó Sé, Joe Ó hIcí, Oisín Ó Cualáin agus Dylan Mac Donnacha. Chun tosaigh ó chlé: Seosamh Mac Donnacha, Cian Ó Flatharta, Seán Ó Nia, John Ward, Fionnán Ó Conghaile, Caomhán Ó Tuathail, James Carr, Calam Ó hIcí, Alan Ó Fatharta agus Cian Breathnach
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Scoil Chuimsitheach Chiaráin na Ceathrún Rua ina seaimpíní ar Chonnachta sa rugbaí'