Imreoirí rugbaí Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua ag ceiliúradh agus a n-aghaidh ar chluiche ceannais Chonnacht ar an mBóthar Beag i nGaillimh Dé Céadaoin seo chugainn
Foireann bhuacach Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua. Ó chlé ar chúl: Réamonn Ó Súilleabháin, Dara Ó Domhnaill, Dónal Ó Dunaird, Myles Mac Donnchadha, Aonghus Ó Dubháin, Colm Mac Donnacha, Conal Ó Gríofa agus Cathal Ó Tuathail. Chun tosaigh: Éamon Ó Cualáin, Warren Seoighe, Killian Ó Súilleabháin, Joe Ó Gubáin, Eoin de Buitléar, Chris Seoighe, Pádraic Ó Cualáin agus Seán Ó Conghaile
Úd faighte ag Coláiste Naomh Muireadach, Béal an Átha, Co Mhaigh Eo
Eoin de Buitléar, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, i ladhar an chasúir ach níor scaoil sé a ghreim
Úd aimsithe ag Colm Mac Donnacha don Cheathrú Rua
Seán Mac Donnacha ag tabhairt dúshlán chosantóirí Choláiste Naomh Muireadach
Greim an fhir bháite
Úd eile aimsithe ag ógánaigh Choláiste Naomh Muireadach
Warren Seoighe ar ruathar aonair trí chosantóirí Naomh Muireadach
Síneadh amach fhir Choláiste Naomh Muireadach
Coláiste Naomh Muireadach réidh le húd eile a fháil
An dáileadh déanta breá sciobtha ag Conall Ó Gríofa
Úd ó Chonall Ó Gríofa an freagra a bhí ag Scoil Chuimsitheach Chiaráin
An liathróid crochta leis ag Eoin de Buitléar ó imreoirí Naomh Muireadach
An bhearna seo á tapú ag Joe Ó Gubáin
Súil ghéar ar dheiseanna ionsaithe
Níl snáth fágtha ar chraiceann fhear Chonamara ag muintir Bhéal an Átha
Brandon Ó hEidhin ag iarraidh tabhairt faoi ionsaí eile
Ní le Myles Mac Donnchadha ab fhaillí é ach a bhfaca sé spás ar an gcliathán
Myles Mac Donnchadha ag ceiliúradh agus úd scóráilte aige
Taicil curtha de ag Joe Ó Gubáin
Ag crágáil i dtreo na líne ach feall feicthe ag an réiteoir
Úd pionóis
Aonghus Ó Dubháin agus triúr as Coláiste Naomh Muireadach ina mhullach
Éiríonn an t-úd le Coláiste Naomh Muireadach agus téann siad pointe chun cinn
Cic pionóis cinniúnach slánaithe ag Joe Ó Gubáin, an cluiche beagnach thart agus buachaillí na Ceathrún Rua dhá phointe chun cinn
Buille deiridh an chluiche, cic pionóis ag fir Mhaigh Eo agus go leor ag brath air
Díomá ar Choláiste Naomh Muireadach
An lá le Scoil Chuimsitheach Chiaráin agus a n-aghaidh ar chluiche ceannais Chonnacht
Bainisteoir Scoil Chuimsitheach Chiaráin, Cian de Buitléar ag cur comhairle a leasa ar na himreoirí agus an cluiche buaite acu
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Scoil Chuimsitheach Chiaráin as an gCeathrú Rua i gcluiche ceannais Chonnacht na gcoláistí sa rugbaí'