Bhí lá mór ar an mBóthar Beag inniu ag Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, mar ar bhuaigh Craobh Shinsir Chonnacht 2019 nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Scoil Phobail Ghailinne. Pictiúir: Seán Ó Mainnín
Déardaoin, Márta 14 2019 ag 5:30 am
Foireann shinsir rugbaí Scoil Chuimsitheach Chiaráin, an Cheathrú Rua, curaidh Chraobh Shinsir Chonnacht do Scoileanna atá ag Forbairt 2019
Colm Mac Donnacha, SCC, agus é ag taispeáint na sála do chosantóirí Scoil Phobail Ghailinne
Úd ag Colm Mac Donnacha d’fhoireann na Gaeltachta
Brandon Ó hEidhin ar ruathar chun cinn
Cian Ó Scanláin, SCC
An liathróid caite go Warren Seoighe agus buachaillí Chonamara ar an ionsaí
Rith an ráis le Warren Seoighe
Beirtear ar an Seoigheach ach faigheann sé úd mar sin féin
Eoin de Buitléar agus an imirt á meá aige
Buachaillí Ghailinne ar an ionsaí
Joe Ó Gubáin, SCC, sa tóir ar bhearna
Laoch na himeartha ag Tuairisc.ie, Cian Ó Scanláin
Buachaillí Uíbh Fhailí ar a míle dícheall ag iarraidh stop a chur leis an bprapa as an gCeathrú Rua
Lucht leanta SCC ag bain sult as an gcluiche
Ard san aer
Éanna Mac Cormaic, SCC, sna cosa in airde
An bhearna laghdaithe agus úd scóráilte ag Gailinne
Joe Ó Gubáin
Paca na Ceathrún Rua ag prapáil chun tabhairt faoin líne
Scoil Chuimsitheach Chiaráin ag ceiliúradh ar an bpáirc ag deireadh an chluiche
Seaimpíní Chonnacht!
Antoine Ó hIcí agus Killian Ó Súilleabháin
Scoil Chuimsitheach Chiaráin Curaidh Chonnacht 2019
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Scoil Chuimsitheach Chiaráin ag ceiliúradh agus iad ina ríthe rugbaí ar Chonnachta'