GAILEARAÍ: Plé, siamsaíocht is drámaíocht ag Scoil Samhraidh an Phiarsaigh i Ros Muc

An Comhairleoir Liam Carroll, Cathaoirleach Chomhairle Chontae na Gaillimhe, a sheol Scoil Samhraidh an Phiarsaigh 2023 in Ionad Chultúrtha an Phiarsaigh. Bhí caint, damhsa is plé ag an ócáid i Ros Muc. Pictiúir: Seán Ó Mainnín

An t-aisteoir agus scríbhneoir Diarmuid de Faoite lena léiriú ar Phádraic Ó Conaire

 

Binse le briathra ó ‘Lá fá’n Tuaith’ a scríobh an Piarsach ar an turas treoraithe roimh sheoladh Scoil Samhraidh an Phiarsaigh

 

Teach an Phiarsaigh

 

Mairtín Ó Meachair, bainisteoir agus treoraí Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh

 

Máirtín Ó Donnchadha, Oifigeach Forbartha na Gaeilge,  Comhairle Chontae na Gaillimhe ag cur tús le cúrsaí

 

Dónall Ó Braonáin, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, ag labhairt faoin bPiarsach agus an dúlra

 

Máirín Mhic Lochlainn: cuimhní óna muintir féin faoin bPiarsach

 

Seosamh Mac Donnacha: ‘An Ghaeilge agus an Ghaeltacht: Ag breathnú siar agus ag breathnú chun cinn’ ábhar a chuid cainte

 

‘Pádraic Ó Conaire’ le  Diarmuid De Faoite. Ba chairde iad an dá Phádraic agus ba é an Piarsach a spreag Ó Conaire le scríobh i nGaeilge

 

Glúin óg Chomhaltas Ceoltóirí Charna ag damhsa

 

Ceoltóirí óga Chomhaltas Ceoltóirí Charna faoi stiúir Mháire Áine Ní Chuaig

 

Seoidín Ní Chualáin (7) ag fáil barróg chomhghairdis ó Chaoilfhionn Ní Cheallaigh tar éis a cuid damhsa

 

An Comhairleoir Liam Carroll, Cathaoireach Chontae na Gaillimhe ag seoladh Scoil Samhraidh an Phiarsaigh

 

Eimear Ní Chonaola, Nuacht TG4, a rinne cathaoirleacht ar an  bplé

 

Seán Ó Cuirreáin, iarChoimisinéir Teanga

 

Donncha Ó hÉallaithe, gníomhaí teanga ag déanamh anailíse ar na figiúirí daonáirimh maidir leis an nGaeilge sa nGaeltacht

 

Máire Denvir, Coláiste Chamuis

 

Máirín Ní Choisdealbha Seoige, Oifigeach Forbartha, Conamara Láir

 

Caitlín Ní Chualáin, RTÉ Raidió na Gaeltachta

 

Cluas ghéar an chathaoirligh. Eimear Ní Chonaola

 

Máirtín Davy Ó Coisdealbha ag cur síos ar earraí traidisiúnta a dhéantar ag ‘Pasttime Chonamara’

 

Mairtín Breathnach, Seid na bhFear, An Cheathrú Rua ag tabhairt cuntas ar imeachtaí na heagraíochta

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Plé, siamsaíocht is drámaíocht ag Scoil Samhraidh an Phiarsaigh i Ros Muc'