Tháinig muintir na Ceathrún Rua i gConamara amach ina gcéadta le haghaidh lasadh a gCrann Nollag agus le fáilte a chur roimh Dhaidí na Nollag féin. Chuir Cór Scoil Mhic Dara tús ceolmhar leis an oíche agus cuireadh clabhsúr ar an ócáid le cóisir i Siopa Sheáinín Tommy. Pictiúir: Seán Ó Mainnín
Dé Céadaoin, Nollaig 4 2019 ag 6:15 pm
Daidí na Nollag agus an-tóir air le linn a chuairte ar an gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara
Cór Scoil Mhic Dara
Ag tnúth le Santaí ainneoin na fuachta
Idir óg is aosta ag súil le Santaí
Ceol is amhrán don chuairteoir speisialta
Carúil na Ceathrún Rua
Tá Daidí na Nollag ag teacht anocht!
Crann Nollag na Ceathrún Rua agus é réidh le lasadh
Tá sé ag teacht!
Tá sé tagtha!
Na bronntanais á roinnt
Iontas agus áthas ar na páistí
Bíonn bronntanas ag Santaí do chách!
Crann na Nollag lasta
Is mór an spórt é Santaí!
Pictiúr le Santaí don albam
Gach duine sásta leis an gcrann…
…agus lena mbronntanais
Crann na Nollag an t-iontas is déanaí ar an gCeathrú Rua
Dinnéar beag na Nollag réitithe sa siopa. Ó chlé: Mary Breathnach, Deirdre Uí Chualáin, Seán ‘Dooney’ Ó Loideáin agus Máire Mhic Thaibhéis
Seastán Nollag i Siopa Sheáinín Tommy
Cácaí mílse do gach duine
Tá mo dheoch féin agamsa
Séán Ó Domhnaill, bainisteoir Chomharchumann Mhic Dara le Majella Ní Chríocháin, Oifigeach Pleanála Teanga, Pobal Rua
Muintir Bhreathnach ag baint sásaimh as an gcóisir Nollag ina siopa
Ag ól sláinte na Nollag
Nach breá í an Nollaig?
Sí an Nollaig í!
An-éileamh ar Mhil Ghaeltacht Chonamara as an gCeathrú Rua
Daidí na Nollag tagtha ag cóisir Tigh Bhreathnach
Péinteáil aghaidhe
Is cara le Rudolph anois mé!
Mary agus Seán Breathnach lena n-iníon Caoimhe, arb é a lá breithe féin é
Tá an ceiliúradh thart agus Crann na Nollaig lasta
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Páistí na Ceathrún Rua craiceáilte i ndiaidh Dhaidí na Nollag agus é ar cuairt ar an nGaeltacht'