Togha na bpictiúr ó Chraobh Rámhaíochta an Domhain sa Bhulgáir agus ó chluichí ceannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh
Bhuaigh Paul agus Gary O’Donovan boinn óir ag Craobh Rámhaíochta an Domhain sa Bhulgáir Dé Sathairn. Pictiúr: INPHO/Detlev Seyb
Paul agus Gary agus na boinn bronnta orthu. Pictiúr: INPHO/Detlev Seyb
Na Donnabhánaigh breá sásta i ndiaidh an rása. Pictiúr: INPHO/Detlev Seyb
Bhuaigh Sanita Puspure bonn óir eile d’Éirinn sa Rás Aonair inné. Pictiúr: INPHO/Detlev Seyb
Inné a bhuaigh Puspure a céad duais mhór. Pictiúr: INPHO/Detlev Seyb
Seaimpín an domhain. Pictiúr: INPHO/Detlev Seyb
Clíona Ní Cheallaigh agus cúl á fháil aici do Luimneach i gCraobh Shóisir Peile na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh inné. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson
Mairéad Kavanagh agus Caitríona Davis ag ceiliúradh tar éis do Kavanagh cúl a scóráil. Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry
Foireann Luimnigh ag ceiliúradh tar éis dóibh an bua a fháil ar chontae an Lú. Pictiúr: INPHO/Oisín Keniry
Caitríona Davis agus Katie Heelan ag baint sásaimh as a mbua. Pictiúr:/Tommy Dickson
Bhuaigh Tír Eoghain ar chontae na Mí sa chluiche ceannais idirmheánach. Seo Neamh Woods agus cúl á fháil aici in aghaidh chontae na Mí. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson
Ar Neamh Woods a bronnadh Corn Mary Quinn. Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry
Emma Mulgrew agus Lycrecia Quinn ag ceiliúradh. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson
Sinéad Finnegan (Áth Cliath) agus Ciara O’Sullivan (Corcaigh) i gcluiche ceannais na sinsear. Pictiúr: INPHO/Oisín Keniry
Sinéad Goldrick (Áth Cliath) agus Eimear Meaney (Corcaigh) ar thóir sheilbh na liathróide. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson
D’aimsigh Áine O’Sullivan cúl iontach do Chorcaigh sa chéad leath. Pictiúr:INPHO/Oisin Keniry
Carla Rowe, laoch Átha Cliath, a d’aimsigh cúl sa chéad agus sa dara leath a d’fhág Áth Cliath buacach. Pictiúr: INPHO/Oisín Keniry
Sinéad Aherne ag glacadh le Corn Uí Mháirtín den dara bhliain as a chéile. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson
Saoirse Noonan in ísle brí i ndiaidh an chluiche. Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Níor lig mná Átha Cliath ná rámhaithe na hÉireann na maidí le sruth le linn deireadh seachtaine mór spóirt'