Tá iománaithe Mhícheál Breathnach as Cois Fharraige ina máistrí ar Chonnachta agus craobh shóisir iománaíochta an chúige buaite acu. Fuair siad an ceann is fearr ar sheaimpíní Shligigh, Naomh Eoin, i gcluiche ceannais na craoibhe inné.
Bua slachtmhar a bhí ag fir na Gaeltachta agus an lá leo 1-12 in aghaidh 0-8.
Chuir Mícheál Breathnach tús iontach leis an gcluiche nuair a scóráil Breandán Ó Conghaile cúl gan ach seacht nóiméad imeartha. D’aimsigh an dá fhoireann cúpla scór an taobh sa chéad ceathrú uaire eile ach nuair a fuair Seán Denvir, Éinne Ó Conghaile agus Breandán Ó Conghaile trí phointe as cosa i dtaca bhí Mícheál Breathnach i gceannas go hiomlán agus iad cúig phointe chun tosaigh ag leath ama, 1-5 in aghaidh 0-3.
Tá gaisce déanta i Maigh Eo inniu – ag foireann Iománaíochta as Conamara – agus Craobh Sóisir Iomána Chúige Chonnacht buaite don chéad uair riamh – ag Cumann Mícheál Breathnach pic.twitter.com/9sPCZcp9Z5
— NuachtTG4 (@NuachtTG4) November 10, 2019
D’aimsigh Breandán Ó Conghaile, Maidhc Ó Conghaile, Rónán Ó Beoláin agus Cian Ó Griallais cúilíní sa chéad cheathrú uaire den dara leath agus bhí Naomh Eoin ionann is buailte faoin tráth sin. D’aimsigh Gerard O’Kelly-Lynch, imreoir le sinsir Shligigh cúig chúilín ó phocanna saora sna deich nóiméad deireanach den chluiche ach bhí a rás rite faoin tráth sin.
D’aimsigh Mícheál Breathnach an dá scór deireanach agus bearna seacht bpointe a bhí idir na foirne ag an deireadh. Is é seo an chéad uair ag foireann Mhícheál Breathnach craobh Chonnacht a thabhairt leo agus ábhar mór ceiliúrtha atá ann don chumann, go háirithe ó chaill siad cluiche ceannais an chúige sa chomórtas seo trí bliana ó shin.
Cé leis an camán sin?
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Na Breathnaigh Abú! Iománaithe Chois Fharraige ina seaimpíní ar Chonnachta!'