Bhí na céadta scoláire as scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta ag Kinia Tech Féile i gColáiste na bhFiann, Droim Rí an Déardaoin seo caite. Tugtar aitheantas ag an bhféile seo do ghaiscí i réimse na teicneolaíochtatrí Ghaeilge. Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn agus Meánscoil Gharman a thug na mórghradaim leo i mbliana Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie
Mórghradam Eagraíocht na Bliana ag Kinia Tech Féile buaite ag Pobalscoil Chorca Dhuibhne. Iad anseo leis na hAirí Stáit Jack Chambers, Aire Stáit na Gaeltachta agus Spóirt, agus Thomas Byrne, Aire Stáit do Ghnóthaí Eorpacha, ar chúl. Sa lár tá Marianne Checkley, Príomhfheidhmeannach Kinia i lár, Caitríona Ní Cheallaigh, bainisteoir Choláiste na bhFiann, agus, ar dheis, Pádraig Ó Dufaidh, múinteoir na Pobalscoile
Aoibhinn Ní Mhuirí agus Yasmine Pikulag bródúil as a gcomhscoláirí ag comórtas Kinia Tech Féile
Fáilteroimh na scoláirí
An chéad dúshlán, comórtas deartha póstaer
Hannah Pikul, Coláiste Naomh Eoin, Inis Meáin, ag déanamh ar an sprioc i rás na róbat
Alisia Nic Pháidín, Dervla Ní Mhóráin agus Isabelle Nic an Deileadóra as Meánscoil Gharman lena saothar
Tá Daniel Mac Eochagáin Coláiste Cholmcille, Indreabhán, sásta go maith lena thoradh
Scoláirí Mheánscoil Gharman agus a múinteoir Edel Ní Chéitinn ag triail trealamh stiúideo raidió. Ar chúl tá Sadhbh Ní hAilín, Aoife Ní Mhurchú, Lyn Ní Shúilleabháin, Edel Céitinn agus Hazel Ní Dhuinn. Chun tosaigh tá Cara Ní Riada agus Ashlinn Ní Dhiomsaigh.
Scoláirí Phobalscoil Chorca Dhuibhne lena róbat
Eimear Ní Bhroin, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí ag canadh leagan breá den amhrán ‘Mise Éire’
Éadaoine Breathnach, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí, buaiteoir ghradam FrankenSTEAM leis an réalta teilifíse Micheál Ó Ciaraidh
Duine de scoláirí Mhaigh Cuilinn
Aisling Ní Dhubhaigh, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, buaiteoir an ghradaim Grianghrafadóireachta/Deartha
An t-amhránaí Hannah Nic Pháidín, Pobalscoil Ghaoth Dobhair
Chloe Ní Chonghaile, Coláiste Naomh Eoin, lena gradam don portfolio is fearr
Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, ag labhairt leis na scoláirí
Gradam Vibeanna gan Fadhbanna buaite ag Pobalscoil Chorca Dhuibhne
Buaiteoir TechSpacer na bliana Kinia Tech Féile 2022, Charlie Leader, Coláiste an Ailigh, Leitir Ceanainn, Co Dhún na nGall ag fáil a ghradaim ó Aire Stáit na Gaeltachta is Spóirt, Jack Chambers
Slua breá ag an ócáidEdel Céitinn, múinteoir Mheánscoil Garman, a bhuaigh an gradam Oideachasóir Kinia Tech Féile 2022
Pádraig Ó Dufaigh, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, ar stáitse lena chuid scoláirí agus gradam Eagraíocht na Bliana 2022 crochta leo acu
Katelyn Ní Chuinneagáin ag glacadh leis an nduais ar son a deartháir Adam Ó Cuinneagáin, Coláiste an Eachréidh, sa rannóg Teicneolaíocht ag teacht chun chinn as an tionscamh Dialann Digiteach
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Mórghradam na bliana ag féile teicneolaíochta buaite ag Pobalscoil Chorca Dhuibhne'
Peadar
Iontach go raibh ionadaíocht ag scoil i gCois Fharraige. Cén chúis nach raibh ionadaíocht ag scoileanna Chonamara ag an bhféile? An bhfuil aon teicneolaíocht sna scoileanna sin? Maith sibh Pobalscoil Chorca Dhuibhne!
Peadar
Iontach go raibh ionadaíocht ag scoil i gCois Fharraige. Cén chúis nach raibh ionadaíocht ag scoileanna Chonamara ag an bhféile? An bhfuil aon teicneolaíocht sna scoileanna sin? Maith sibh Pobalscoil Chorca Dhuibhne!