GAILEARAÍ: Míle duine ar Oileán Mhic Dara d’Fhéile Mhic Dara

Rinne suas le míle oilithreach an turas go hOileán Mhic Dara an Domhnach seo caite in onóir do Naomh Mac Dara, pátrún lucht farraige. Rinne an tAthair Shane Ó Súilleabháin, sagart paróiste Charna agus Chill Chiaráin, an tAifreann a cheiliúradh. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

An tAthair Shane Ó Súilleabháin, Sagart Paróiste Charna agus Chill Chiaráin, ag ceiliúradh an Aifrinn ag séipéal Mhic Dara

 

Frank O’Rahilly agus a mhac, Senan (1), Cill Airne, Contae Chiarraí, ag dul ar bord agus súil ghéar ag Mamó orthu

 

Faoi lán seoil go hOileán Mhic Dara ar bord “Cruach na Cara”: Sinéad Bhreathnach, Damhnait Bhreathnach, Nora Hogan, Sonny O’Rahilly, Katie O’Rahilly agus Frank O’Rahilly. Chun tosaigh: Lucas agus Daragh O’Rahilly

 

Séamus agus Fiona McCabe, Dún Éideann, Albain agus Fiona (11 mí) ag gabháil ar a céad oilithreacht

 

 

An tAthair Shane Ó Súilleabháin, Sagart Paróiste Charna agus Cill Chiaráin, a chéad uair ag ceiliúradh Aifreann Mhic Dara, le Conor McNamee agus Matthew Newell

 

Ní mór bád beag le ghabháil i dtír ar an oileán

 

Armada Mhic Dara! Na báid agus a bpaisinéirí ag déanamh ina sluaite ar an oileán

 

Ag déanamh ar shéipéal Mhic Dara

 

Traidisiún nach mbrisfear. Baba Uí Fhéinidh, ar chlé, lena gaolta agus a cairde – Muintir Uí Fhéinidh, Uí Mhaolruanaigh, Uí Mhadaoin, Uí Loideáin, na Davins agus na Cartons. Is as Cooma, New South Wales muintir Carton agus taithí mhaith acu ar an teas

 

Ó chlé: Ciara Cuddihy, Cill Chainnigh; Máirtín Ó Cualáin, Maínis; Dara Ó Cualáin, Baba de Búrca, Thomas Halloran, Cill Chiaráin agus Amy de Búrca agus an madra ‘Moscow’

 

Matt Corbett, Carna, atá ag plé le cúrsaí Oileán Mhic Dara le 48 bliain agus é deich mbliana ar choiste Oileán Mhic Dara 

 

Annika Haeusl, Regensburg, An Ghearmáin agus Ruth Terren Hogan

 

Colm Ó Cualáin agus Liam Ó hOibicín

 

Tús leis an Aifreann ag meán lae

 

Pobal an Aifrinn

 

Suaimhneas agus áilleacht Chonamara ar thearmann Naomh Mac Dara

 

Ómós ar leith do phátrún na mbádóirí ag an Aifreann

 

An tAthair Ó Súilleabháin ag beannú na mbád agus na mbádóirí

 

Súilleabhánaigh muid beirt! An tAthair Shane Ó Súilleabháin agus John O’Sullivan, as Uachtar Ard, ag cur aithne ar a chéile. Meas tú an leis an muintir s’againne thú?

 

An tAthair Shane Ó Súilleabháin, Pádraic Chóilín, Ré agus Angela Ó Fhlatharta, Na Mine, agus John O’Sullivan, Uachtar Ard

 

Michael Conroy, Boston/Ros Muc; Máirtín Lally, An Spidéal; Mike Lally, An Cheathrú Rua; Tom Conroy agus Tomás Ó Conghaola, Boston/Ros Muc

 

Milly agus a teaghlach ar a suaimhneas ar an oileán

 

Gearóid Breathnach, Casla, agus Micheál Ó Madaoin, Cill Chiaráin

 

Eleanor Kilmartin, Baile Átha Cliath le Bella agus Molly

 

Rebecca Clough, Lancashire; Nicola Ní Iarnáin, Roisín na Mainiach, Niamh Ní Fhlatharta, Caroline Birrane, Roisín na Mainiach agu Réamonn Ó Flatharta, Aird Mhór

 

Della Dara Beag Breathnach, Aird Mhór; Séamus Phat Shéamuis Ó Curraoin, An Bhánrainn, Séamus Pádraic Ó Maoilchiaráin, Maínis; Pat Molloy, Leitir Móir agus Noel Laoi, Leitir Mealláin

 

Julie Devane agus Teresa O’Flaherty

 

John agus Kathy Uí Churraoin, Glinsce

 

Ger Costello, Muirbheach na Gaillimhe; Edel agus Peter Dunican, An Turlach Mór

 

In am baile agus é ina thrá

 

Oileán Mhic Dara faoi shuaimhneas arís

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Míle duine ar Oileán Mhic Dara d’Fhéile Mhic Dara'

  • Padraic

    ‘Sé an trua nár úsáideadh an t-ainm dúchasach ar an oileán sa gceannlíne – is é sin Cruach na Cora (fuaimnítear mar Cara)