Martin McGuinness 1950-2017 - Léargas ar a shaol i bpictiúir ón gcartlann
Martin McGuinness agus é ina bhall óg den IRA sna seachtóidí
Martin McGuinness le ceannairí eile de chuid an IRA i 1972, Dáithí Ó Conaill, Seán Mac Stiofáin agus Seamus Twomey
Martin McGuinness ag an Ard-Fheis de chuid Shinn Féin i 1986 ag ar scoilteadh an páirtí mar gheall ar aighneas faoi shuíocháin pharlaiminte a ghlacadh
In éineacht le Gerry Adams ag cruinniú ag Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie
Ag comóradh Wolfe Tone i mBaile Ui Bhuadáin i 1994 Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie
Le Gerry Adams ag comhdháil speisialta den pháirtí i Leitir Ceanainn i 1994. Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie
Comhdháil de chuid Shinn Féin i 1994
Martin Mc Guinness, príomh-idirbheartaí Shinn Féin le Martin Ferris ag ócáid phreasa le linn cainteanna na síochána i 1998 Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie
Gerry Adams agus Martin McGuinness ag breathnú ar Stormont thar an bhfál sreinge i ndiaidh dóibh glacadh le Comhaontú Aoine an Chéasta Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie
Ag iompar cónra iarcheannaire an IRA Joe Cahill in 2004 Pictiúr: RollingNews.ie
An Chéad-Aire Ian Paisley leis an LeasChéad-Aire Martin McGuinness in 2007. Tugadh na ‘Chuckle Brothers’ orthu beirt i bhfianaise an dea-chaidrimh eatarthu a chuir iontas ar mhórán. Pictiúr: Albert Gonzalez/RollingNews.ie
Ag oscailt Feidhmeannas nua i Stormont in 2007 Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie
I mbun stocaireachta i mBaile Átha Cliath le linn thoghchán na hUachtaránachta in 2011 Pictiúr: Sasko Lazarov/RollingNews.ie
Martin McGuinness ag croitheadh lámh le Banríon na Breataine Elizabeth II i mBéal Feirste in 2012. Pictiúr: RollingNews.ie/PA
Ag labhairt i dTeach an Ard-Mhéara le linn thoghchán na huachtaránachta in 2011 Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie
In éineacht leis an gCéad-Aire Peter Robinson in 2015 An Pictiúr: RollingNews.ie
Le Arlene Foster an DUP i gCaisleán Bhaile Átha Cliath in 2015 Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie
Martin McGuinness le Gerry Adams, Mary Lou McDonald agus Michelle O’Neill, a tháinig i gcomharbacht air mar cheannaire Shinn Féin sa Tuaisceart Pictiúr: RollingNews.ie/Paul McErlane
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Martin McGuinness – a shaol i bpictiúir'