GAILEARAÍ: ‘Marcanna arda’ do Spongebob an Scannán

Bhí idir óg agus aosta i láthair ag chéad taispeántas “Spongebob an Scannán: Spúinse as Uisce” i mBaile Átha Cliath aréir

Aréir i mBaile Átha Cliath, taispeánadh an chéad scannán Hollywood do ghasúir i nGaeilge, Spongebob an Scannán: Spúinse as Uisce, ar an scáileán mór.

Dúirt Bainisteoir Paramount Pictures Ireland Niamh McCaul go raibh oíche den scoth ann i Movies@Dundrum i nDún Droma aréir agus gur mór an sásamh a bhí ann toradh na hoibre ar fad a fheiceáil ar an scáileán mór.

Comhthogra idir TG4, Paramount Pictures agus Macalla a bhí san athghuthú. Le fada an lá tá an cartún Spongebob Squarepants á chraoladh i nGaeilge ar TG4 agus dúirt urlabhraí an stáisiúin gur iontach an rud é go raibh “an teach lán go béal”.

“Bhí an-oíche againn i mBaile Átha Cliath aréir agus thaitin an scannán go mór leis na gasúir – bhí muid ag caint leo théis agus thugadar uilig marcanna arda do Spongebob!” a dúirt urlabhraí Cúla 4.

Beidh réamhthaispeántais den scannán i bpictiúrlanna éagsúla timpeall na tíre an deireadh seachtaine seo sula n-eiseofar go náisiúnta é ar an 27 Márta.

 Tá liosta iomlán na bpictiúrlann a mbeidh Spongebob an Scannán: Spúinse as Uisce á thaispeáint iontu ar fáil ar shuíomh TG4. Déanfar uasdátú ar an liosta seo má chuireann pictiúrlann in iúl do TG4 go mbeidh an scannán acusan freisin. Mhol Paramount Pictures do léitheoirí Tuairisc.ie teagmháil a dhéanamh lena bpictúrlann áitiúil lena n-éileamh ar leagan Gaeilge de Spongebob a chur in iúl.

Beidh comórtas á reáchtáil ag Tuairisc.ie ar ár leathanach Facebook agus Twitter. Níl le déanamh agaibh ach an ordóg a thabhairt don phictiúr agus é a roinnt ar Facebook nó réaltóg agus athghiolc a thabhairt dó ar Twitter.

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: ‘Marcanna arda’ do Spongebob an Scannán'