Bhí seisear as Conamara ar bís an deis a fháil an tseachtain seo caite bualadh le húdar 'Diary of a Wimpy Kid' Jeff Kinney, ag ócáid speisialta i Siopa Easons Dé Sathairn seo caite. Bhí na céadta i láthair ag an ócáid ach bhí coinne speisialta ag seisear Chonamara leis an údar a d'éist leo ag léamh sleachta as an leagan Gaeilge dá shaothar 'Dialann Dúradáin'. Pictiúir: Seán Ó Mainnín
'An Seisear Sásta'. Daoine óga as Conamara le Jeff Kinney, údar an leabhair "Diary of a Wimpy Kid" a bhfuil cáil dhomhanda air
Beirt ghasúr, le cóipeanna Gaeilge agus Béarla den leabhar iomráiteach, ag fanacht sa scuaine chun bualadh le Jeff Kinney
Daltaí as Gaelscoil Bhaile Brigín, Baile Átha Cliath
Daltaí scoile faoi agallamh ag TG4
Jeff Kinney ag bualadh le Máirín Ní Mhárta, aistritheoir an leagain Ghaeilge dá leabhar ‘Dialann Dúradáin’
Tadhg Mac Donnagáin ó na foilsitheoirí Futa Fata le Jeff Kinney, Máírín Ní Mharta agus Aisling Ní Fhátharta
Jeff Kinney ag éisteacht le Cóil Mac Con Iomaire as Bóthar Buí, An Cheathrú Rua, ag léamh sliocht as an leabhar ‘Dialann Dúradáin’
An t-údar ag foghlaim na Gaeilge le cabhair ó Chóil Mac Con Iomaire
Jeff Kinney agus Aisling Ní Fhátharta, An Máimín, Co na Gaillimhe. Ba í Aisling a bhuaigh an comórtas chun teideal Gaeilge a chur ar ‘Diary of a Wimpy Kid’
‘Taitníonn an teideal ‘Dialann Dúradáin’ liom,’ arsa Jeff Kinney, ‘tá ceol ann’.
Jeff Kinney i mbun cartún speisialta a dhéanamh d’Aisling Ní Fhátharta
Agus cartún do Chóil Mac Con Iomaire
‘Coinneoidh mé seo!’
An seisear as Conamara a fuair saothar ealaíne an duine ó Jeff. Ó chlé: Michael Coleman Ó Cadhain, Leitir Móir; Aisling Ní Fhátharta, An Máimín; Béibhinn Breathnach de Faoite, Indreabhán; Colm Ó Loideáin agus Marcas agus Cóil Mac Con Iomaire, An Cheathrú Rua