GAILEARAÍ: ‘Is The City Afraid Of The Sea?’ – léargas grianghrafadóra ar chás na bPalistíneach

D’fhreastail ár gcolúnaí ar thaispeántas griangrafanna le Hugh Malala i dtábhairne an ‘Bernard Shaw’ ar Shráid Richmond Theas i mBaile Átha Cliath

GAILEARAÍ: ‘Is The City Afraid Of The Sea?’ – léargas grianghrafadóra ar chás na bPalistíneach
The Bernard Shaw

Seasann ‘The Bernard Shaw’ amach ón smionagar timpeall air, tearmann teolaí ar Shráid Richmond Theas i ndeisceart cheantar lárchathrach Bhaile Átha Cliath. Tá an chomharsannacht anseo breac le bialanna eitneacha a shásódh idir Nua- agus Sean-Ghaeil araon.

Trasna an bhóthair uaidh tá an ‘Bretzel Bakery’ ar Shráid Lennox, seod bácúslainne sa traidisiún Giúdach atá ina ornáid ar shaol na príomhchathrach ón mbliain 1870. Fearadh fáilte sa dúthaigh seo roimh mhionlaigh eitneacha le fada an lá. Go gcoimeáda Gaeil i gcónaí an doras oscailte don imigéiní i gcroílár phobal dílis na muintire lárchathrach.

Ní trí thimpiste, déarfainn, agus pobal fairsing il-eitneach timpeall air, gur ann a fuair Hugh Malala tearmann dá sheó dúshlánach – ‘Is The City Afraid Of The Sea?: Dispatches From Palestine’.

Deir Hugh Malala nárbh fhéidir le fear darbh ainm Muhammed líon na ruathar a rinne an tArm ar a theach a áireamh. ‘An gcuireann sin eagla ort?’ ar seisean. Chroith Muhammed a ghuaillí – ‘Is the City Afraid of the Sea?’

Sin dúcheist, a chairde, le bheith ag smaoineamh uirthi…

Ó tharla gur éirigh le ‘Is the City Afraid of the Sea’ aird an phobail a spreagadh, ba dheas an rud dá gcrochfaí go proifisiúnta i ngailearaí aitheanta gairmiúil éigin é. Ba mhaith an oidhre ar an taispeántas seo a bheith le feiceáil ag lucht na n-ard-ealaíon ar fud na hÉireann.

Bhuel? Éinne agaibh, fud fad Éireann?

Cuireann Palaistíneach a thréad caorach ag iníor. Tá saighdiúir Iosraelach ag faire air. Cinntíonn an saighdiúr nach dtrasnóidh an Palaistíneach líne dhofheicthe a bhíonn de shíor ag athrú. Líne atá ag bogadh san aon treo amháin, áfach. Ag leathnú amach i gcónaí ón Lonnaíocht Iosraelach, isteach ar thalamh na bPalaistíneach. Tá flaitheas de shíor á dhearbhú ag Iosrael ar thailte na bPalaistíneach sna Críocha Gafa.

Tá ‘facts on the ground’ fós á gcruthú ag Iosrael, go soiniciúil, trí fhórsa airm.

Níl talamh Ahmed san áit ina raibh sí inné. Ghlaoigh lonnaitheoir ar an Arm. Chuireadar sin fios ar na póilíní. Mar sin a fuair Ahmed amach go bhfuil an líne dhofheicthe tar éis bogadh arís. Céad méadar eile isteach ar a chuid an dul seo. Ordaíonn triúr saighdiúirí an Palaistíneach amach as a chuid talún féin…..

Thuas – Páistí Palaistíneacha….. Thíos – Páistí na Lonnaitheoirí Iosraelacha

Tá Lonnaíocht nua, teach agus scioból, tógtha gan chead ag Iosraelaigh ar thalamh na bPalaistíneach. Tagann aoirí Palaistíneacha chun obair a dhéanamh ar a gcuid talún. Déanann Lonnaitheoirí armtha imeaglú orthu. Fógraíonn an tArm zón míleata dúnta. Scaiptear na Palaistínigh.

Gabhtar Muawiyah Abu Jamal agus a chlann uilig nuair a maraíodh a dheartháir agus col ceathrar leis le linn ruathar ar an tSionagóg. Rinneadh céastóireach leanúnach air ar feadh deich lá sa phríosún. Rinneadh mí-úsáid uisce air. Chuirtí mála a raibh boladh fuail air ar a cheann idir gach babhta diancheistiúcháin. Níor cuireadh aon chúis ina leith. Ní raibh teacht aige ar dhlíodóir le linn an ama sin go léir…

 

Siúlann Salah trí smionagar a thí. Tháinig na saighdiúirí agus ollscartaire acu.  Tugadh tríocha nóiméad dó pé giúirléidí ab fhéidir leis a iompar a bhailiú as an teach. Ní raibh teastas dlí tógála ag Salah. Bhí sin diúltaithe arís is arís eile dó. Ach fuair sé ordú cúirte a chuir an scrios ar athló chun am a thabhairt dó athchomharc a thionscnamh. Beag beann ar údarás na cúirte, thángadar, fá choim, agus leagadar an teach…..

Hugh Malala: ‘Scaoileann saighdiúirí Iosrael le lucht agóide in Hebron ar Lá Comórtha Nakba, Eacsadas na bPalaistíneach sa bhliain 1948. Páistí amháin a bhí ag caitheamh cloch. An dream ba shine díobh bhí siad idir ceithre bliana déag agus cúig bliana déag d’aois, ar a mhéid……’

Hugh Malala: ‘Lámhachadar, na saighdiúirí, triúr páistí, ceann acu le piléar beo ardluais…….’

Hugh Malala: ‘Bhíos ar an láthair ar feadh seacht n-uaire an chloig, im sheasamh díreach in aice, nó fá bhun na saighdiúirí. Níor bhaol d’aon saighdiúir clocha na bpáistí aon uair le linn an ama sin go léir…….’   

Hugh Malala: ‘Tá an páiste a lámhachadh le piléar ardluais an lá sin tagtha ina shláinte arís…..’ 

– Leanfaidh an taispeántas ‘Is The City Afraid Of The Sea?’ sa ‘Bernard Shaw’ go dtí an 27 Nollag

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: ‘Is The City Afraid Of The Sea?’ – léargas grianghrafadóra ar chás na bPalistíneach'

  • Léitheoir

    Bhuel an dtuigeann tú ní ‘daoine’ iad na Palaistínigh ó cheart, is ‘cnuimheanna’ iad, is ‘dreancaidí’ iad, ‘rudaí salacha’ nach fiú scrimh na hingne iad. Spréálann na Giúdaigh bothanna dearóile na bPalaistíneach uair umá seach amhail is dá mba mhíola nó pláig nó galar beo iad. Víoras. Frídíní. Dheineadh na Naitsithe dídhaonnú ar na Giúdaigh ar an gcuma chéanna. Bhí foclóir dá gcuid féin acu chun cur síos a dhéanamh orthu; ‘Untermensch’, ‘Lebunsenwertes’ etc. Is gá an teanga a oiriúnú i dtosach báire; réitíonn sé an bealach, gortghlanadh ar na téarmaí tagartha. Is iad na Giúdaigh Naitsithe an lae inniu; an roth casta ar ais timpeall arís. Cuireann siad an masla i gceann na héagóra agus an truigear á theannadh acu, “striapach bhrocach”, “ainmhí”, “priosla”… Nuair is ‘fodhuine’ nó ‘rud táir’ atá á mharú agat cén chaoi a luífeadh sé sin ar do choinsias (más ann di)? “An té atá saor caitheadh sé an chéad chloch”. Cén chaoi a n-iompródh tusa nó mise sinn féin dá mba Rottenführer sinn i gcampa géibhinn, forlámhas agus cumhacht iomlán againn? Cén chaoi a n-iompródh na Palaistínigh iad féin dá mbeadh an bhróig ar an gcois eile? Glacaimíd leis gur daoine maithe sibhialta sinn, agus is ea leis, is dócha, ach amháin faoi chúinsí áirithe. Féach thart.

  • Pól Réamonn

    Nuair a chonaic mé an pictiúr, shíl mé go raibh an “Bernard Shaw” suite i nGaza.

  • Seán Ó Riain

    Alt aontaobhach fé thaispeántas aontaobhach. Is mór an trua ná féachtar le dhá thaobh an scéil thragóidigh seo a mhíniú do phobal na hÉireann.