
Tháinig grianghrafadóir Tuairisc.ie Seán Ó Mainnín ar radharc iontach ar Loch an Chapaill, an Choill Mhór, Conamara le déanaí - cuaifeach. Séideadh na gaoithe trí na sléibhte is cúis le cuaifeach. De réir bhéaloideas na háite is le linn stoirme uair amháin gach seacht mbliana a éiríonn an 'capall bán' aníos as Loch an Chapaill...