Obair lae ag an éan a bhéile a sholáthar ach údar iontais a scil agus a mhaorgacht ag an duine. Breac blasta an luach saothair a bhain an gheabhróg seo as Cuan Chasla. Pictiúir: Seán Ó Mainnín agus Annette McDonnell
Anois teacht na geabhróige, ar thóir beatha di féin nó dá hál. Pic: Seán Ó Mainnín
An gheabhróg ag breathnú anuas ar Thrá an Chaoráin Bhig ar an gCeathrú Rua. Pictiúr: Annette McDonnell
Is iontach an t-aicsean atá sa ngeabhróg. Trí mhilliún míle eitilte aici i 25 bliain. Is ionann sin agus ceithre thuras fillte go dtí an ghealach. Pictiúr: Seán Ó Mainnín
Dianscrúdú ar a bhfuil thíos fúithi. Creid é nó ná creid, í ina stad trí dhianghreadadh sciathán. Pictiúr: Seán Ó Mainnín
Tá trí chineál geabhróige ann, barr a goib a bheith dubh marc sainiúil an chinn seo. Pictiúr: Seán Ó Mainnín
Síneadh na gcleití. Pictiúr: Seán Ó Mainnín
An chreach aimsithe aici agus í ag déanamh uirthi amach ón Túr Martello i Ros an Mhíl. Pic: Seán Ó Mainnín
Tumadóir na spéire ag thóir béile. Pictiúr: Annette McDonnell
An chreach déanta. Pictiúr: Annette McDonnell
Ní folamh atá an gheabhróg ag dul abhaile. Pictiúr: Seán Ó Mainnín
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:
Karen R
Abair le Seán Ó Mainnín go bhfuil na grianghraif seo draíochta. :^D