Ba iad Cumann Forbartha Chois Fharraige, Conamara, a thug leo príomhdhuais Ghlór na nGael, agus seic €20,000, ag ócáid bhronnta Ghradaim Ghlór na nGael in Óstán an Carlton House, Cill Dara, ag an deireadh seachtaine
Duais Chomhairle Chontae na Gaillimhe €1,500. Coiste Comórtha 1916-2016 Ros Muc. An tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn, Cathaoirleach Ghlór na nGael Pat Carey agus John Tess Ó Conghaile, Coiste Ros Muc
Gradam Ghlór na nGael in onóir Shéamuis Mhic Géidigh bronnta ar Dolores Mhic Géidigh, agus a gclann Éadaoin, Póilín agus Dónal
Duais Chonradh na Gaeilge €1,000 buaite ag Maigh Cuilinn. An tUachtarán agus Cathaoirleach Ghlór na nGael le Séamus Ó Céidigh, Maigh Cuilinn, agus Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn
Duais COGG €2,000 á bronnadh ar Phól Mag Lionnáin, Glór Locha Riach
Duais Chló Iar-Chonnacht bronnta ar Mháire Ní Fhlathartaigh thar ceann Chumann Forbartha Chois Fharraige
Cumann Gaelach Choláiste na Tríonóide, a fuair duais don chumann Gaelach is fearr. Ó chlé: Áine Ní Haberlín, Benn Ó hÓgáin, Ciarán Wadd agus Rachel Ní Bhrádaigh
Seán Ó Nuanáin, Club na Sionna, Co an Chláir lena dhuais. In éineacht leis, tá an tUachtarán, Cathaoirleach Ghlór na nGael agus Cathaoirleach Bhord Fhoras na Gaeilge, Pól Ó Gallchóir
Coiste Chumann Forbartha Chois Fharraige agus an príomhdhuais náisiúnta Ghradaim Ghlór na nGael á ceiliúradh acu. In aice le Cathaoirleach Ghlór na nGael, Pat Carey, agus an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn tá baill an choiste, Máire Áine Nic Dhonnacha, Máire Áine Ní Fhlathartaigh, Donncha Ó hÉallaithe, Máirín Nic Lochlainn agus Máire Denvir
Buaiteoir Chomórtas na gClubanna CLG: Na Piarsaigh, Ros Muc €1,500. An duais á bronnadh ar Mhairéad Ní Cheannabháin. Sa phictiúr chomh maith tá Martan Ó Ciardha, ball de Choist Gaeilge CLG agus colúnaí le Tuairisc.ie
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo: