GAILEARAÍ: Gaoth Dobhair ina máistrí ar Dhún na nGall agus craobh an chontae buaite ag fir Mhachaire Gathlán

Bhuaigh Gaoth Dobhair craobh shinsir peile Dhún na nGall inné, an chéad uair acu an gaisce sin a dhéanamh ó 2006. Seo scoth na n-íomhánna ón gcluiche mór in aghaidh Naomh Conaill agus ón cheiliúradh a lean. Pictiúir le Geraldine Diver agus INPHO/Andrew Paton

GAILEARAÍ: Gaoth Dobhair ina máistrí ar Dhún na nGall agus craobh an chontae buaite ag fir Mhachaire Gathlán
Foireann Ghaoth Dobhair a bhuaigh Corn an Dochtúra Mhig Uidhir i gcoinne Naomh Conaill inné. Pictiúr: Geraldine Diver

 

Jason Cambpell (Naomh Conaill) ag iarraidh stop a chur le lántosach Ghaoth Dobhair, Kevin Casasidy. Pictiúr: INPHO/Andrew Paton

 

Cian Mulligan (Gaoth Dobhair) ag dul ar ruathar. Pictiúr: INPHO/Andrew Paton

 

Leo McLoone (Naomh Conaill) ag éaú ó Chiarán Gillespie (Gaoth Dobhair). Pictiúr: INPHO/Andrew Paton

 

Captaen Ghaoth Dobhair, Niall Friel, faoi bhrú ó Eunan Doherty (Naomh Conaill). Pictiúr: Geraldine Diver

 

Kieran Gallagher, Naomh Conaill, ag briseadh tríd sa chluiche ceannais. Pictiúr: Geraldine Diver

 

Gaoth Dobhair ag iarraidh an liathróid a choinneáil amach ón gcúl ag deireadh na himeartha. Pictiúr: Geraldine Diver

 

Michelle Simmons agus Alma Kavanagh, a bhí ag tacú le Naomh Adhamhnáin i gcluiche ceannais Shinsir B Dhún na nGall a imríodh i bPáirc Mhic Cumhaill inné chomh maith. Pictiúr: Geraldine Diver

 

Eoin Waide (Naomh Conaill) ag cabhrú lena chéile comhraic, Micheál Carroll, le linn an chluiche. Pictiúr: INPHO/Andrew Paton

 

Elijah McGinley, Conor Gallagher agus Daithí Gallagher sa slua i bPáirc Mhic Cumhaill. Pictiúr: Geraldine Diver

 

Imreoirí Ghaoth Dobhair ag ceiliúradh nuair a séideadh an fheadóg dheiridh. Pictiúr: INPHO/Andrew Paton

 

Ba í seo an cúigiú huair déag gur éirigh le Gaoth Dobhair an chraobh a bhaint, níos mó ná aon fhoireann eile sa chontae. Pictiúr: Geraldine Diver

 

Niall Friel agus Corn an Dochtúra Mhig Uidhir á ardú aige. Pictiúr: INPHO/Andrew Paton

 

Naoise Ó Baoill agus Éamonn Collum. Pictiúr: INPHO/Andrew Paton

 

Anne McGeehin ag bronnadh gradam laoch na himeartha ar Odhrán Mac Niallais. Pictiúr: Geraldine Diver

 

Buachaillí Ghaoth Dobhair ag ceilúradh agus an chraobh buaite acu den chúigiú huair déag. Pictiúr: Geraldine Diver

 

Odhrán McFadden-Ferry lena mháthair, Sadie McFadden, i ndiaidh an chluiche. Pictiúr:  Geraldine Diver

 

Bainisteoir Ghaoth Dobhair, Mervyn O’Donnell, agus Brendan Ó Baoill i bPáirc Mhic Cumahill. Pictiúr: Geraldine Diver

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Gaoth Dobhair ina máistrí ar Dhún na nGall agus craobh an chontae buaite ag fir Mhachaire Gathlán'

  • Micheál Ó Domhnaill

    Dheineamar agallamh le Odhrán Mac Niallais tar-éis Cluiche Ceannais Dhún na nGall ar chainéal Twitter GAA Beo. “An lá is fearr i mo shaol,” a thug sé ar an mbua le Gaoth Dobhair. Seo duine des na himreoirí is ealaíonta sa tír, fear a bhuaigh Craobh Uladh lena chontae i mbliana. Léiríonn sé sin an tábhacht a thugann na himreoirí seo don gcumann a bheathaigh iad.