Déanfar comóradh ar thábhacht na Gaeilge agus tábhacht an chultúir Ghaelaigh i scoileanna ar fud na tíre inniu nuair a reáchtálfar ‘Féile an Físe’ mar chuid de Sheachtain na Gaeilge.
Beidh ceiliúradh mór Gaeilge ar siúl i nGaelscoil na Camóige i gCluain Dolcáin i mBaile Átha Cliath agus coirm cheoil speisialta á tabhairt ag Seo Linn, atá ina n-ambasadóirí ag Seachtain na Gaeilge i mbliana.
Is éard atá i gceist le Féile na Físe ná clár imeachtaí do scoileanna agus grúpaí pobail a bheidh ar siúl thart ar ‘Lá an Fhorógra’ chun comóradh a dhéanamh ar imeachtaí 1916.
Tá an Fhéile á reáchtáil mar chuid de Chlár Chomóradh an Chonartha 2016 agus Éire 2016, an clár náisiúnta. Is mar chuid den Fhéile seo a bheidh an dráma nua ‘An Filleadh’ le Alan Titley á léiriú ag Gaelcholáiste an Phiarsaigh in Amharclann na Mainistreach Luan Cásca.
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: ‘Féile na Físe’ ar Lá an Fhorógra i scoileanna ar fud na tíre'