Fógraíodh buaiteoirí sna comórtais podchaoladh agus tráchtaireachta spóirt d'iarbhunscoileanna Gael Linn i bPáirc an Chrócaigh le déanaí agus duaiseanna á mbreith leo abhaile ag scoláirí ó Conamara, Ciarraí, Corcaigh, Cill Dara agus Baile Átha Cliath. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc
Shíofra Ní Scanláin, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Co. na Gaillimhe, an buaiteoir náisiúnta sa chomórtas tráchtaireachta
Scoileanna agus scoláirí cruinnithe i gceanncheathrú Pháirc an Chrócaigh agus an pháirc le feiceáil taobh amuigh
Máire Ní Bhraonáin, tráchtaire spóirt TG4, agus tráchtairí RTÉ Raidió na Gaeltachta, Liam Mac an Mhaoir agus Dara Ó Cinnéide, ag cur tús leis an ócáid
Cathal Póirtéir, ag labhairt faoi na podchraoltaí ar Zúm
Ellen Dineen, Meánscoil Mount Anville, BÁC. Bhuaigh a scoil an chéad áit lena podchraoladh ‘Cúrsaí Spóirt’ sa Rannóg d’iar-bhunscoileanna nach ndéantar teagasc i nGaeilge iontu. In aice le Ellen tá Máire Ní Bhraonáin, tráchtaire spóirt TG4 agus Dara Ó Cinnéide agus Liam Mac an Mhaoir,
Susan O’Donoghue, Meánscoil Mount Anville, Baile Átha Cliath, ar bhuaigh a podchraoladh, ‘Cúrsaí Litríochta’ an dara háit
Rián Ó Ceallaigh agus Chris Keenan, Coláiste Chluana Gabhann, Claonadh, Co Chill Dara, a tháinig sa tríú háit lena bpodchraoladh‘Dúchas’
Scoláirí Phobalscoil Chorca Dhuibhne, Co. Chiarraí ar Zúm. Bhain siad an dara háit amach sa rannóg d’’iar-bhunscoileanna ina ndéantar teagasc i nGaeilge lena ‘Podchraoladh PCD’
Róisín Ní Dhubháin, Pádraic Mac Donnacha agus Éanna Ó Gionnáin, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, ar bhain a bpodchraoladh, ‘Scéalta Scoile’, an chéad áit agus an duais náisiúnta: €1,000
Diarmuid Ó Gabhláin, Róise Ní Churraoin agus Ferdia Ó Nuanáin Seoighe, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Co. na Gaillimhe, a fuair an dara háit lena bpodchraoladh ‘Caidreamh Casta’ agus duais €600
Shíofra Ní Scanláin, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Co. na Gaillimhe – buaiteoir náisiúnta an chomórtais tráchtaireachta
Ciara Ní Mhainnín, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Co. Gaillimhe – An chéad áit sna sinsir
Eoin Ó Neachtain, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Co. Gaillimhe – An Dara hÁit sna sinsir
Eimear Hanley, Coláiste Naomh Aingeal, Corcaigh – An Tríú hÁit sna sinsirCecilia Henderson, Gaelscoil an Chuilinn, Baile Átha Cliath – An Chéad Áit sna sóisir
Cian Ó Murchú, Gaelscoil an Chuilinn, Baile Átha Cliath – An Dara hÁit sna sóisir
Senan Mac Aodha – Scoil Éinne, An Spidéal, Co. na Gaillimhe – An Tríú hÁit sna sóisir
Dara Ó Cinnéide ag tabhairt comhairle do na hábhair tráchtaireachta
Liam Mac an Mhaoir ag cur síos ar a chuid tráchtaireachta le RTÉ Raidió na Gaeltachta
Buaiteoirí na nduaiseanna tráchtaireachta i bPáirc an Chrócaigh le tráchtairí proifisiúnta agus ionadaithe Gael Linn: Ó chlé chun tosaigh: Ciara Ní Mhainín, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Co. Gaillimhe – An Chéad Áit Sinsir; Eoin Ó Neachtain, Coláiste Chroí Mhuire – An Dara hÁit Sinsir. Eimear Hanley, Coláiste Naomh Aingeal, Corcaigh – An Tríú hÁit Sinsir; Senan Mac Aodha – Scoil Éinne, An Spidéal, Co. na Gaillimhe – An Tríú hÁit Sóisir; Cecilia Henderson, Gaelscoil an Chuilinn, Baile Átha Cliath – Chéad Áit Sóisir; Cian Ó Murchú, Gaelscoil an Chuilinn, Baile Átha Cliath – An Dara hÁit Sóisir; Shíofra Ní Scanláin, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Co. na Gaillimhe – Buaiteoir Náisiúnta. Ar chúl: Liam Mac an Mhaoir, Dara Ó Cinnéide, Pádhraic Ó Ciardha, Cathaoirleach Gael Linn; agus Máire Ní Bhraonáin, TG4
Shíofra Ní Scanláin, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Co. na Gaillimhe, buaiteoir náisiúnta sa chomórtas tráchtaireachta le, ó chlé go deas: Liam Mac an Mhaoir agus Dara Ó Cinnéide, tráchtairí spóirt RTÉ Raidió na Gaeltachta; Pádhraic Ó Ciardha, Cathaoirleach Gael Linn; agus Máire Ní Bhraonáin, tráchtaire spóirt TG4
Cian Ó Murchú, Gaelscoil an Chuilinn, Baile Átha Cliath – An Dara hÁit Sóisear
Cecilia Henderson, Gaelscoil an Chuilinn, Baile Atha Cliath – Céad Áit Sóisear
Ciara Ní Mhainín, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Co. Gaillimhe – Céad Áit Sinsear
Eoin Ó Neachtain, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Co. Gaillimhe – An Dara hÁit Sinsear
Éanna Ó Gionnáin, Róisín Ní Dhubháin, agus Pádraic Mac Donnacha, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua a bhuaigh an chéad áit sa chomórtas náisiúnta lena bpodchraoladh ‘Scéalta Scoile’, ag taispeáint Trófaí Gael Linn agus seic €1,000. Ar chle tá Tomás Ó Cadhla, Gael Linn
Susan O’Donoghue ar chlé agus Ellen Dineen ar dheis, Meánscoil Mount Anville, BÁC, buaiteoirí an chéad áit sa chomórtas podchraoladh d’iar-bhunscoileanna nach ndéantar teagasc i nGaeilge iontu ag seasamh le Tomás Ó Cadhla, Gael-Linn
An Spidéal abú! Tomás Ó Cadhla, Gael-Linn, ar chlé le buaiteoirí Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Co. Gaillimhe. Ó chlé: Eoin Ó Neachtain, (An Dara hÁit Sinsear Tráchtaireachta Diarmuid Ó Gabhláin, Róise Ní Churraoin agus Ferdia Ó Nuanáin Seoighe (An Dara hÁit sa bPodchraoladh); Ciara Ní Mhainín, (An Chéad Áit Sinsear Tráchtaireachta) agus Shíofra Ní Scanláin, Buaiteoir Náisiúnta Tráchtaireachta
Rián Ó Ceallaigh agus Chris Keenan, Coláiste Chluana Gabhann, Claonadh, Co Chill Dara a fuair an Tríú hÁit: ‘Dúchas’, sa chomórtas podchraoladh le Tomás Ó Cadhla, Gael Linn
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Duaiseanna náisiúnta bronnta i bPáirc an Chrócaigh ar thráchtairí óga Gaeilge'