GAILEARAÍ: Dhá leabhar ‘luachmhar’ seolta i gColáiste Mhuire gan Smál

Leabhair nua leis an Dr. Úna Nic Éinrí agus an Dr. Liam Mac Peaircín seolta ag ócáid i gColáiste Mhuire gan Smál

An Dr. Liam Mac Peaircín agus an Dr. Úna Nic Éinrí, údair an dá leabhar An eala ar a bhfuaid: Cúirt an Mheán Oíche i Lámha na Scríobhaithe agus Filí Luimnigh gan Iomrá san Ochtú hAois Déag
An Dr. Liam Mac Peaircín agus an Dr. Úna Nic Éinrí, údair an dá leabhar An eala ar a bhfuaid: Cúirt an Mheán Oíche i Lámha na Scríobhaithe agus Filí Luimnigh gan Iomrá san Ochtú hAois Déag

Seoladh dhá leabhar, Filí Luimnigh gan Iomrá san Ochtú hAois Déag leis an Dr. Úna Nic Éinrí agus An eala ar a bhfuaid: Cúirt an Mheán Oíche i Lámha na Scríobhaithe leis an Dr. Liam Mac Peaircín, ag ócáid i gColáiste Mhuire gan Smál le déanaí.

52 dán le dáréag file atá curtha in eagar ag Úna Nic Éinrí, iad roinnte de réir téamaí agus nótaí mínithe agus beathaisnéisíní sa leabhar leis. Ceithre leagan de théacs Chúirt an Mheán Oíche Mherriman atá i leabhar Liam Mhic Peaircín maraon le leagan d’aistriúchán Béarla Dennis Woulfe.

Dúirt Máire Ní Neachtain, Ceann Roinn na Gaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál, a sheol an dá shaothar gur údar “ceiliúrtha agus bróid” a bhí i seoladh na leabhar don Roinn, don Choláiste agus “do cheantar Thuamhan”.

“Scoláireacht ar ardchaighdeán a éilíonn tóraíocht mhór, grinnstaidéar, mionléamh, léirmhíniú, staidéar comparáideach agus anailís bheacht, chruinn atá sa dá leabhar seo.  Ad fontes a mholtar don taighdeoir agus sin a rinne an bheirt seo go stuama agus go foighdeach,” a dúirt Máire Ní Neachtain.

Dúirt Ceann Roinn na Gaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál go gcuireann an dá shaothar nua “go mór lena bhfuil ar eolas cheana féin faoi léann agus faoi úsáid na Gaeilge i Luimneach agus i dTuaisceart na Mumhan san ochtú céad déag agus gur taca an-luachmhar iad dóibh siúd ar spéis leo cúrsaí staire agus teanga”.

 

An Dr. Liam Mac Peaircín agus Máire Ní Neachtain ag seoladh an leabhair An eala ar a bhfuaid: Cúirt an Mheán Oíche i Lámha na Scríobhaithe le Liam Mac Peaircín
An Dr. Liam Mac Peaircín agus Máire Ní Neachtain ag seoladh an leabhair An eala ar a bhfuaid: Cúirt an Mheán Oíche i Lámha na Scríobhaithe le Liam Mac Peaircín

 

Áine Uí Uallacháin, Luimneach, agus Seoirse Ó Luasa, an Daingean, ag seoladh an dá leabhar nua i gColáiste Mhuire gan Smál ar an Déardaoin an 26 Bealtaine 2016
Áine Uí Uallacháin, Luimneach, agus Seoirse Ó Luasa, an Daingean, ag seoladh an dá leabhar nua i gColáiste Mhuire gan Smál ar an Déardaoin an 26 Bealtaine 2016

 

Cuid den slua ag an seoladh i gColáiste Mhuire gan Smál