GAILEARAÍ: Cultúr na gCeilteach á cheiliúradh ag an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach i gCeatharlach

Tá lucht ceoil ó na sé thír Cheilteacha bailithe le chéile ag an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach i gCeatharlach an tseachtain chun ceiliúradh a dhéanamh ar chultúr na gCeilteach. Bhí Seán Ó Mainnín i láthair ag an oscailt oifigiúil na féile aréir, oíche Dé Máirt

Lauren Chandler ó Redruth, Kernow, ag amhránaíocht agus feisteas dúchais an cheantair á chaitheamh aici

 

Máirín Nic Dhonnchadha, Oireachtas na Gaeilge, cathaoirleach na Comhairle Idirnáisiúnta Pan Cheiltí, le Yann-Yvon Dodeur, Uachtarán Idirnáisiúnta na Comhairle agus Jean-Pierre Thebault, Ambasadóir na Fraince ag oscailt  féile 2017 in Ionad Visual, Ceatharlach

 

Lucht damhsa Chomhaltas Ceoltóirí Éireann ó Chontae an Dúin

 

Ny Riftanen. Amhránaíocht ar an sean-nós ó Oileán Mhanann

 

Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, i mbun óráide ag oscailt na féile

 

Uachtarán Idirnáisiúnta na féile Pan Cheiltí Yann-Yvon Dodeur ag fógairt oscailt na féile in amharclann GB Shaw

 

Damhsóirí na Briotáine agus iad á dtionlacan ag Bagad as an mBriotáin agus banna píbe Cheatharlach

 

Dawnsyr Talog ón mBreatain Bheag

 

Colm Broderick, seaimpín na hÉireann faoi 18 ar an bpíob uileann

 

Amhránaithe ‘Ronnie Murra’  as Albain ag canadh amhráin ceilidh as an tír sin

 

Dylan Cernyw ón mBreatain Bheag ar an gcláirseach óir

 

Cór Aspiro, Ceatharlach

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Cultúr na gCeilteach á cheiliúradh ag an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach i gCeatharlach'