Coláiste Chroí Mhuire an Spidéal, Co na Gaillimhe agus Coláiste Pobail Ráth Chairn Co na Mí, buaiteoirí sinsir agus sóisir Chraobh Díospóireachta Uí Chadhain Gael Linn tar éis dianbhabhtaí géara díospóireachta in Óstán na Cúirte, An Tulach Mór, Co Uíbh Fháilí. Pictiúir: Seán Ó Mainnín
Dé Luain, Eanáir 29 2024 ag 2:44 pm
Seaimpíní na Sinsear. Foireann Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Co na Gaillimhe, Fionnán Ó Coisdealbha, Éabha Ní Chonghaile agus Róise Ní Churraoin, a thug leo Corn Gael Linn tar éis dóibh Craobh Dhíospóireacht Uí Chadhain Gael Linn a bhuachan in Óstán na Cúirte, An Tulach Mhór, Co Uíbh Fhailí Dé Céadaoin seo caite
Seaimpíní na Sóisear. Foireann Choláiste Pobail Ráth Chairn na Mí, Luisne Ní Mhonacháin, Cormac Winston agus Ana Ní Dhubhda, buaiteoirí Chraobh Dhíospóireacht Uí Chadhain Gael Linn na sóisear
Slua breá ag baint sásamh as na díospóireachtaí sa Tulach Mhór
Na moltóírí ó chlé: Fergus Ó Conghaile, Máirín Bn Uí Mhuirí, Seosamh Ó hÉanaí, Áine Hensey agus Áine Ní Ghlinn
Tomás Ó Cadhla, Bainisteoir Náisiúnta na Scéimeanna le Gael Linn
Lucht leanta díograiseach Choláiste Pobail Ráth Chairn
Lorcán Ó Curraoin, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal i gcraobh na sóisear
Cian Mac Piarais Elbourne, Coláiste Eoin
Cormac Winston, Coláiste Pobail Ráth Chairn, agus a mhianach á léiriú aige le linn díospóireacht Uí Chadhain Gael Linn
Cluasa géara ag éisteacht leis na hargóintí
Foireann sóisir Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Co na Gaillimhe ag comórtas díospóireachta Uí Chadhain in Óstán na Cúirte agus Príomhfheidhmeannach Gael Linn, Réamonn Ó Ciaráin, ag bronnadh na ngradam orthu. Ar an bhfoireann tá foireann tá Glaisne Mac Réamoinn, Evan Cox agus Lorcán Ó Curraoin. Sa phictiúr chomh maith tá an múinteoir Tríona Ní Mhurchú, an t-aoichainteoir Páidí Ó Lionáird agus Lauren Ní Mhaoileanaigh, Feidhmeannach Gael Linn. Pic: Seán Ó Mainnín
Foireann Mheánscoil Gharman, Inis Corthaidh, Co Loch Garman, ag comórtas díospóireachta Uí Chadhain in Óstán na Cúirte agus teastais á mbronnadh orthu ag príomhfheidhmeannach Gael Linn, Réamonn Ó Ciaráin, ar chlé. Ar an bhfoireann tá Ella Ní Fhaoláin, Abigail Ní Chuinn agus Culainn Ó Faoláin. Sa phictiúr chomh maith tá na múínteoirí Eleanóir Ní Chatháin agus Sinéad Nic Shíomóin, an t-aoichainteoir, Páidí Ó Lionáird, agus Lauren Ní Mhaoileanaigh, Feidhmeannach Gael Linn
Foireann Choláiste Eoin, Stigh Lorgan, BÁC, ag comórtas díospóireachta Uí Chadhain in Óstán na Cúirte, An Tulach Mór, agus teastais á mbronnadh orthu ag príomhfheidhmeannach Gael Linn, Réamonn Ó Ciaráin. Ar an bhfoireann tá Aidan Mac Donncha, Cian Mac Piarais Elbourne agus Max Ó Brádaigh. Sa phictiúr chomh maith tá an múinteoir Ruairí Ó Seanáin, an t-aoichainteoir, Páidí Ó Lionáird, agus Lauren Ní Mhaoileanaigh, Feidhmeannach Gael Linn
An corn bronnta ag Príomhfheidhmeannach Gael Linn, Réamonn Ó Ciaráin ar fhoireann shóisir bhuacach Chraobh na hÉireann 2024, Coláiste Pobail, Ráth Chairn. Is iad an fhoireann, Cormac Winston, Luisne Ní Mhonacháin agus Ana Ní Dhubhda. Sa phictiúr chomh maith tá a múinteoir Róisín Ní Dhubhshláine, an t-aoichainteoir, Páidí Ó Lionáird, Oifig an Choimisinéara Teanga, agus Lauren Ní Mhaoileanaigh, Feidhmeannach Gael Linn
Foireann Choláiste Pobail Ráth Chairn ag ceiliúradh a mbua lena lucht leanta
Luisne Ní Mhonacháin ag ceiliúradh lena haintín Sorcha Ní Mhonacháin
Cillian Ó Súilleabháin, Gaelscoil na Mara, An tInbhear Mór, Co Chill Mhantáin i gcomórtas na sinsear
Gaelcholáiste na Mara, An tInbhear Mór
Mairéad Ní Charthaigh, Coláiste Oiriall, Baile Mhuineacháin
Agus na moltóírí ag díospóireacht eatarthu féin, rinne an t-aoichathaoirleach Páidí Ó Lionáird, Bainisteoir Cumarsáide in Oifig an Choimisinéara Teanga, píosa cainte
Tá ríméad ar fhoireann Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal lena ngaisce
Gradaim agus boinn bronnta ag Príomhfheidhmeannach Gael Linn, Réamonn Ó Ciaráin, ar fhoireann shinsir Ghaelcholáiste na Mara, An tInbhear Mór, Co Chill Mhantáin, i gCraobh Díospóireachta Uí Chadhain Gael Linn in Óstán na Cúirte. Sa phictiúr chomh maith tá a múinteoirí Eibhlín Ní Chonchubhair agus Tiarnán de hÁl, an t-aoichainteoir, Páidí Ó Lionáird, Oifig an Choimisinéara Teanga, agus Lauren Ní Mhaoileanaigh, Feidhmeannach Gael Linn
Gradaim agus boinn bronnta ag Príomhfheidhmeannach Gael Linn, Réamonn Ó Ciaráin, ar fhoireann shinsir Coláiste Oiriall, Baile Mhuineacháin, i gCraobh Díospóireachta Uí Chadhain Gael Linn in Óstán na Cúirte. Sa phictiúr chomh maith tá a múinteoirí Conor Ó Fearáin, Caitlín Nic Suibhne agus Méabh Nic an tSaoir, an t-aoichainteoir, Páidí Ó Lionáird, Oifig an Choimisinéara Teanga, agus Lauren Ní Mhaoileanaigh, Feidhmeannach Gael Linn
Gradaim agus boinn bronnta ag Príomhfheidhmeannach Gael Linn, Réamonn Ó Ciaráin, ar fhoireann shinsir Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Conamara, i gCraobh Díospóireachta Uí Chadhain Gael Linn in Óstán na Cúirte. Sa phictiúr chomh maith tá a múinteoir Máire Ní Fhéinidh, an t-aoichainteoir, Páidí Ó Lionáird, Oifig an Choimisinéara Teanga, agus Lauren Ní Mhaoileanaigh, Feidhmeannach Gael Linn
Corn Gael Linn bronnta ag Príomhfheidhmeannach Gael Linn, Réamonn Ó Ciaráin, ar fhoireann shinsir Choláiste Chroí Mhuire an Spidéal, Co na Gaillimhe – Fionnán Ó Coisdealbha, Éabha Ní Chonghaile agus Róise Ní Churraoin, a thug leo an Craobh tar éis dóibh Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain Gael Linn a bhuachan in Óstán na Cúirte. Sa phictiúr chomh maith tá a múinteoir Tríona Ní Mhurchú, an t-aoichainteoir, Páidí Ó Lionáird, Oifig an Choimisinéara Teanga, agus Lauren Ní Mhaoileanaigh, Feidhmeannach Gael Linn
Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal. Curaidh Chraobh na hÉireann 2024 i nDíospóireacht Uí Chadhain Gael Linn
Seaimpíní na hÉireann! Scoláirí, gaolta is cairde ag ceiliúradh bua Choláiste Pobail Ráth Chairn sa chraobh shóisir.
MNR
Tá éacht faoi leith déanta ag Coláiste Chroí Mhuire An Spidéal, a raibh dhá fhoireann acu sa mbabhta ceannais, faoi stiúir a bPríomhoide Tríona Uí Mhurchú. Is iontach an múinteoir agus an Príomhoide í. Agus is iontach cumasach iad na scoláirí dúthrachtacha a ghlac páirt ar an dá fhoireann.
An Teanga Bheo
Fair play dhaoibh ar fad, maith sibh