GAILEARAÍ: Cóip den phardún bronnta ar ghaolta Mhaolra Seoighe ag Uachtarán na hÉireann

Ag ócáid speisialta sa Ghaillimh, bhronn Uachatarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn cóip den phardún uachtaránachta a thug sé do Mhaolra Seoighe níos túisce i mbliana ar ghaolta an fhir a crochadh san éagóir as dúnmharuithe Mhám Trasna in 1882. Pictiúir Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

An cóip de phardún an Uachtaráin do Mhaolra Seoighe ag na deirfiúracha Carolyn agus Alice Conaboy, cuid de shliocht Mhaolra Seoighe a tháinig as Meiriceá don ócáid

 

An tUachtarán ag bualadh le Carolyn Conaboy, arbh é Maolra Seoighe a sinseanathair, ag an Aifreann Comórtha. Sa phictiúr chomh maith tá Jim Hogan, fear chéile Alice  

 

An tEaspag Breandán Ó Ceallaigh ag ceiliúradh an Aifrinn

 

An slua ag an Aifreann

 

Ciarán Ó Cofaigh, léiritheoir an scannáin faisnéise ‘Murdair Mhám Trasna’

 

Johnny Joyce, ar dúnmharaíodh a shin-seanathair agus baill clainne eile i Mám Trasna.

 

Cuid de lucht freastail an Aifrinn

 

An tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh

 

An tAifreann á cheiliúradh cothrom an lae ar crochadh Maolra Seoighe

 

An Teachta Dála Éamon Ó Cuív, atá ina chónaí i nDúiche Sheoigheach

 

Alice Hogan, duine muinteartha le Maolra Seoighe

 

An tUachtarán Micheál D Ó hUigínn agus an slua ar a slí go dtí carrchlós na hArdeaglaise, an áit ar cuireadh Maolra Seoighe tráth a mbíodh príosún ann

 

Bláthfhleasc á leagan ag Alice Hogan

 

Carolyn Conaboy

 

Sliocht Mhaolra Seoighe

 

Nóiméad ómóis ag an leac cuimhneacháin do Mhaolra Seoighe

 

Cathaoirleach Chomhairle Chontae na Gaillimhe Seán Ó Tuairisg le Johnny Joyce a d’imir le foireann peile Átha Cliath. Bhí Seán Ó Tuairisg i láthair ag ócáid oscailte Staid an Phiarsaigh sna seascaidí nuair a scóráil Johnny ceithre chúl in aghaidh na Gaillimhe

 

An scéal faighte amach ag Carolyn agus Alice go bhfuil mianach na Seoigheach i Sabine Uí Uigínn chomh maith!

 

Pauric Travers, cathaoirleach Údarás Craolacháin na hÉireann ag caint ag an ócáid bhronnta sa gHotell

 

Cóipeanna den phardún á bhronnadh ag an Uachtarán ar Alice agus ar Carolyn

 

Sliocht Mhaolra Seoighe an-bhródúil as an bpardún

 

Ó chlé: Tomás, Bríd agus Áine Uí Éanacháin, Carolyn Conaboy, Alice Hogan, Sadie agus Éilís Summerville, Siobhán Uí Éanacháin agus Seán Conaboy

 

An tEaspag Breandán Ó Ceallaigh, Máire agus agus Seán M Ó Gallchobhair

 

Ciarán Ó Cofaigh, Síghle Ní Chonaill agus Éamon Ó Cuív TD

 

Bláthnaid Ní Chofaigh ag triail hata Carolyn uirthi

 

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Cóip den phardún bronnta ar ghaolta Mhaolra Seoighe ag Uachtarán na hÉireann'