GAILEARAÍ: Ceolchoirm ag Seán Keane ar an gCeathrú Rua

Bhí an t-amhránaí cáiliúil Seán Keane ag canadh don Phápa i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn, ach i measc mhuintir Chonamara a bhí sé an oíche roimhe sin agus é ag ceol le linn Fhéile na Ronnach ar an gCeathrú Rua. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Seán Keane ag amhrán

 

Ar stáitse ar an gCeathrú Rua

 

Seán ag baint spraoi as an oíche

 

Cáca á bhronnadh ag Máirtín Breathnach, a d’eagraigh an Fhéile, ar Sheán Keane ar a lá breithe

 

Seán Keane ag síniú a CD do Michaela agus Alex Fuchs arb as an mBaváir dóibh ó thús

 

An t-amhránaí le Rónán Ó Conchubhair agus Lisa McDonagh, Leitir Móir, a bheidh ag pósadh i gceann coicíse,

 

Beirní Ní Chuinn, Nuacht TG4, agus cóip d’albam Sheáin á fháil aici

 

Seán le muintir Bhreathnaigh. Ó chlé: Cian Máirtín, Bríd, Éabha agus Clíodhna. Is iad Mairtín agus Bríd a d’eagraigh an Fhéile

 

Cuid de lucht leanta óg Sheáin i gConamara. Ó chlé: Aindriú Ó Muirí, Úna Ní Shúilleabháin, Amanda Ní Thiarnaigh, Aoife Ní Chonghaile, Clíodhna Breathnach, Áine Ní Chualáin agus Christopher Mac Donnacha

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Ceolchoirm ag Seán Keane ar an gCeathrú Rua'