GAILEARAÍ: ‘Cén chaoi a bhfuil sibh fhéin!’ – lucht clutharaithe Chonamara ag cur do thuairisce… Slán sábháilte atá riadairí críonna Chonamara agus iad breá sásta a bheith amuigh ag déanamh aeir arís. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie Sean Ó Mainnín Dé Máirt, Bealtaine 19 2020 ag 12:00 pm Máirín agus Cóilín Ó Céidigh, Sáile Chuanna, An Spidéal Micheál Ó Coistealbha, Páirc Láir, An Spidéal, ag ceiliúradh an cuibhriú a bheith maolaithe do dhaoine atá os cionn 70 bliain d’aois. Bhí cáil ar Mhicheál mar iománaí d’fhoireann an Spidéil ó 1952 go 1967 Jimmy Shéamais Beag Ó Tuathail agus a bhean Bríd, ag baint taitneamh as an ngrian i dTír an Fhia Tomás Mac Eoin, scríbhneoir, file agus amhránaí, ag a dhoras féin ar an gCeathrú Rua Tom agus Barbara Solan, Na Mine Peige Uí Mhocháin, Tír an Fhia An t-iriseoir Ultan Ó Maicín, Uachtar Ard Cóilín Ó Coisdealbha, An Bóthar Buí, An Cheathrú Rua agus fonn bóthair air Donncha Ó hÉallaithe agus a bhean, Mary, ag sú na gréine sna hAille Brian Ó Baoill i measc na mbláthanna ina ghairdín in Indreabhán Bríd agus Seán Stiofán Ó Cualáin, An Cheathrú Rua John Murphy, ceoltóir, An Cheathrú Rua Bríd agus Liam Ó hEaghra, An Cheathrú Rua Máire agus Breandán Feiritéar agus ‘Mánas’ ar an gCeathrú Rua Seán Pheadair Sheáin Ó Domhnaill, An Cheathrú Rua
GAILEARAÍ: Ceiliúradh déanta ar cheiliúradh chloch mhíle Nemeton – 30 bliain ag craoladh na gcluichí Déardaoin, Meán Fómhair 19 2024
Suim ag 50% d’oibrithe an státchórais tuilleadh Gaeilge a fhoghlaim Dé Céadaoin, Meán Fómhair 18 2024
FÍSEÁN: Filleadh na Dála – gealltanais na n-airí rialtais ó thaobh na Gaeilge Dé Céadaoin, Meán Fómhair 18 2024
Áine Nic Niallais
Grianghraif iontach deas ar fad!
Ciarán
Iontach na pictiúir sin a fheiceáil. An-smaoineamh!
Siuán Ní Mhaonaigh
Is breá liom na grianghraif seo, a Sheáin. Galánta.