GAILEARAÍ: Ceiliúradh déanta ar thraidisiúin na ceardaíochta agus na n-ealaíon ag Féile Pastime Chonamara

D'oscail Micheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Féile Ealaíon, Imshaoil, agus Ceardaíocht Thraidisiúnta Phastime Chonamara ar Chnocán an Charraigín, Na Mine, Dé Domhnaigh. Bhí an ócáid urraithe ag Scéim Féilte Fhoras na Gaeilge. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

An gabha Gearóid Ó Lorcáin ag obair ar chrúb capaill agus a athair Gerald i ngreim san srian

 

Ag Féile Pastime Chonamara a reáchtáladh ar chladach na Mine, Conamara Dé Domhnaigh seo caite, bronnadh snoíodóireacht de chuid Pastime Chonamara ar James Harrold, iaroifigeach Ealaíne Chomhairle Cathrach na Gaillimhe; Frank Breathnach, iarfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta agus Micheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta mar chomhartha buíochais as a dtacaíocht. Sa phictiúr chomh maith ar chlé tá Nuala Ní Fhlathúin, ealaíontóir, agus, ar dheis, an Comhairleoir Liam Carroll, Órán Mór.

 

An ghrian ag scaladh ar lucht na féile ar Chocán an Charraigín, Na Mine.

 

Ultain Ó Maicín, Uachtar Ard, ag canadh agus an maidhc ag Micheál Dara Ó Máille, Cor na Róin Láir
An caoladóir ‘Ould Crafty’, Tom Delaney, Clár Chlainne Mhuiris, Co Mhaigh Eo agus a shaothar

 

Gearóid Ó Lorcáin ag gaibhneacht le cúnamh a athar, Gerald

 

Eoin Davy Ó Coisdealbha ag tairiscint diúilicíní don Chomhairleoir Liam Carroll agus an t-iarChomhairleoir Seán Ó Tuairisg

 

Kevin O’Hara agus Pádraig Ó Neachtain

 

Úna Ní Fhlatharta, Baile Chláir na Gaillimhe, ar chlé agus Blake Marler, Indreabhán, ar an measín deileadóireachta

 

Páistí ag ealaíontóireacht le cré agus sliogáin ag ceardlann ealaíne faoi stiúir Iona Warsop ar chlé, ar chúl agus Nuala Ní Fhlathúin

 

Terri Conroy, saineolaí plandaí a thug ceardlann faoin leigheas atá sa luifearnach agus an béaloideas a bhaineann leo

 

Micheál Davy lena thaispeántas saothar adhmaid

 

‘An bhean feasa’ Terri Conroy, ag tabhairt ceardlann faoi phlandaí

 

Sarah (9) agus Orla Hoban (7), Indreabhán

 

Rachel, Ruth agus Micheál Ó Conchubhair, Both Loiscthe, An Spidéal

 

Muintir Uí Mháille. Ó chlé: Ciara, Aoibh, Deirdre agus Gráinne

 

Fonn siúil ar mhadra Mháirtín Davy, Moog,

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Ceiliúradh déanta ar thraidisiúin na ceardaíochta agus na n-ealaíon ag Féile Pastime Chonamara'