Sheol Ollscoil na hÉireann, Gaillimh cartlann Chonradh na Gaeilge le déanaí. Tá breis agus 600,000 mír sa chartlann, go leor acu ag dul siar breis is céad bliain. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie
An cartlannaí Niamh Ní Charra le clár cheoldráma de chuid Craobh Londan i 1904. Nuair a d’éirigh amhránaí as cuireadh forlíonadh sa chlár ag fógairt amhránaí óg 20 bliain d’aois ina áit: Count John McCormack
Niamh Ní Charra, an cartlannaí a rinne an catalógú; Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán OÉG, Peadar Mac Fhlannchadha, Conradh na Gaeilge agus an Dr John Walsh, Ollamh Comhlach le Gaeilge in OÉ Gaillimh, ag breathnú ar leabhar craoibhe an Chonartha
An Dr John Walsh, a bhí i gceannas ar shealbhú na cartlainne leis an mír is ansa leis: fógra piseanna talún rósta ag Aer Lingus
Díol suntais na míreanna ar fad idir cháipéisí, phóstaeir agus ghrianghraif
Seic do Phádraig Mac Piarais luach seacht bpunt agus ceann ó Toirdhealbhach Mac Suibhne luach dhá phunt ceithre scilling agus réal
Ballraíocht craoibhe ó 1906
Mná camógaíochta Chraobh Chonradh na Gaeilge: An chéad phictiúr d’imreoirí camógaíochta riamh a glacadh i mí na Samhna, 1904
Fleadh na Leanaí, Oireachtas 1909
Leabhar chraobh Londan
Eagráin den nuachtán, Amárach, le fógra ó Mhicheál D Ó hUiginn i 1981
Uaireadóir Casio as Gaeilge
Feachtas frith-chinedheighilte ó 1981
Tús le feachtas chun teilifís na Gaeilge a fháil
Cláir Ard-Fheiseanna Chonradh na Gaeilge. Bhí an tUachtarán Máire Mhic Róibín agus Proinsias Mac Aonghusa mar aoichainteoirí
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Cartlann 600,000 mír Chonradh na Gaeilge bronnta ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh'