GAILEARAÍ: An ghrian amuigh i Leitir Móir agus an Cheathrú Rua agus Bearna ag ceiliúradh ag comórtas peile Ghaeltacht na Gaillimhe

Bhí sé ina shamhradh i Leitir Móir, Conamara ag an deireadh seachtaine mar a raibh an ghrian agus foirne Ghaeltacht na Gaillimhe amuigh. Ba iad An Cheathrú Rua agus Bearna a bhain áit amach i bpríomhchomórtas Peile na Gaeltachta a bheidh ar siúl sna Dúnaibh i nDún na nGall deireadh seachtaine na Cincíse. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Na peileadóirí ar an gclaí ar Pháirc an Mháimín

 

Lucht leanta na foirne baile, Naomh Anna Leitir Móir: Aisling Ní Fhátharta, Máimín, agus Aoibhín Ní Thuathail, Tír an Fhia

 

An t-aicsean taobh le Spórtlann Mhichael Mhóir agus clubtheach Chumann Peile Naomh Anna

 

Myles Mac Donnacha, Naomh Anna Leitir Móir

 

An radharc is fearr ar Pháirc an Mháimín

 

Cillín de Paor, An Cheathrú Rua agus Keith Ó Flatharta agus Christopher Seoighe, Naomh Anna Leitir Móir cos ar chos leis

 

Is deacair peil a imirt ar bholg folamh

 

Feall? Ag fanacht ar chinneadh na réiteora sa chluiche idir Bearna agus An Fhairche

 

Cian Ó Flatharta, Naomh Anna Leitir Móir

 

An Cheathrú Rua abú! Róisín Ní Dhubháin agus Caoilfhionn Ní Ghríofa

 

Ábhar grinn ag na maoirseoirí ag leath ama

 

An cúlbáire Séamus Ó Cadhain, An Fhairche, ag teacht slán leis an liathróid in ainneoin iarrachtaí Mharcuis Mhic Dhiarmada, Bearna

 

Cic pionóis curtha amú ag An Fhairche agus a seans imithe in aghaidh Bhearna

 

Eachtra sa chearnóg. Sciobann Jack Ó Gaoithín, An Cheathrú Rua, an liathróid ó chos Chormaic Uí Laoi, An Spidéal

 

Fionn Ó Cuirín, An Fhairche, ag éalú ó  Dhaithí Breathnach, Bearna

 

Sinéad Ní Shúilleabháin ag bronnadh Gradam Cuimhneacháin a máthar, Róisín, ar Chóilín Ó Gabháin, Maigh Cuilinn

 

Foireann bhuacach na sóisear: Bearna

 

Pleananna á réiteach laistiar de na doirse iata

 

Riley bocht agus a fhoireann, An Fhairche, cloíte

 

Ag dul go Dún na nGall! An Cheathrú Rua ag ceiliúradh a mbua i gcomórtas na sinsear

 

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: An ghrian amuigh i Leitir Móir agus an Cheathrú Rua agus Bearna ag ceiliúradh ag comórtas peile Ghaeltacht na Gaillimhe'

  • Oifigeach na Gaeilge CLG Bhearna

    Tá CLG Bhearna ag iarraidh Coiste Gaeilge a bhunú chun an teanga a chur chun cinn sa chumann agus chun aidhmeanna Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonnacha a chomhlíonadh. Más spéis leat a bheith linn ar an turas teanga seo seol ríomhphost chuig obrolchain.c@gmail.com. Bearna Abú!