Bhí an-oíche ar an gCeathrú Rua ar an Aoine an 2 Nollaig nuair a chruinnigh iarscoláirí agus iarmhúinteoirí i halla Scoil Chuimsitheach Chiaráin áit ar sheol iarcheannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, Tomás Mac Con Iomaire Scoil Chuimsitheach Chiaráin: Caoga Bliain ag Fás in eagar ag Cormac Ó Comhraí, leabhar nua ag comóradh caoga bliain ó bunaíodh an scoil i 1966. Insítear scéal na scoile sa leabhar nua trí phictiúirí agus trí chuimhní cinn na n-iarscoláirí agus na n-iarmhúinteoirí.
Is sa mbliain 1966 a d’oscail Scoil Chuimsitheach Chiaráin a doirse den chéad uair. Os cionn 300 scoláire a bhí ann ón tús. Chosain an scoil nua £200,000, suim ollmhór ag an am. Bhí an scoil chuimsitheach seo ar cheann de na chéad trí scoil chuimsitheacha sa tír. I mbaile Shionainne i gContae an Chláir agus i Muinchille i gContae an Chabháin a bhí dá cheann eile. Ba í scoil Shionainne ba thúisce a d’oscail na doirse, achar gearr roimh an dá scoil eile.
Ag labhairt dhó ag an seoladh dúirt Tomás Mac Con Iomaire gur chinntigh an t-oideachas a cuireadh ar fáil i Scoil Chuimsitheach Chiaráin le leathchéad bliain anuas go bhfuil pobal áitiúil sa gceantar a bhfuil oideachas den scoth orthu agus daoine ar féidir leo fostaíocht a bhaint amach agus a chruthú ina gceantar féin agus ceannasaíocht a thabhairt ina bpobal féin.
“B’í an chinniúint a bhí i ndán do phobal na háite caoga bliain ó shoin ná an bád bán a thógáil go Sasana. Anois tá smacht ag an bpobal seo ar a gcinniúint féin agus tá sin le n-aithneachtáil san réimse leathan postanna atá ag iarscoláirí na scoile go háitiúil, ar fud na tíre agus ar fud an domhain,” a dúirt Mac Con Iomaire, ar iarscoláire de chuid Scoil Chuimsitheach Chiaráin é freisin.
Roghnaíodh An Cheathrú Rua mar ionad don scoil nua mar gheall ar an daonra ard san áit agus an daonra ard a bhí i bhfoisceacht deich míle den áit. Chaith na mílte scoláirí agus na céadta ball foirne seal ann in imeacht leathchéad bliain ó osclaíodh na doirse den chéad uair.
Tá an leabhar nua lomlán le grianghrafanna a tógadh ag imeachtaí éagsúla ag an scoil i gcaitheamh na mblianta agus grianghrafanna a chuir iarscoláirí agus iarmhúinteoirí ar fáil don eagarthóir Cormac Ó Comhraí atá ina mhúinteoir le stair sa scoil ón mbliain 2007.
Dúirt Ó Comhraí go bhfuil súil aige go dtabharfaidh an leabhar seo muintir an cheantair siar ar bhóithrín na smaointe. “Tá cur síos ann ar laethanta atá imithe, ar an obair a rinne an pobal, na scoláirí agus foireann na scoile ar son an oideachais sa gceantar. Tá cur síos ann freisin ar an spraoi agus an spórt, ar éachtaí agus ar chairdeas. Feiceann muid, i bhfocail na ndaoine féin, go dtagann athrú ar chúrsaí an tsaoil ach nach dtagann ar an nádúr daonna. Is minic ráite gur aoibhinn beatha an scoláire, féadfaidh daoine a dtuairim a thabhairt tar éis an leabhair seo a léamh.”
Ba mhór an tionchar a bhí ag Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gceantar le caoga bliain a dúirt Príomhoide na scoile, Seán Mac Donncha. “Chuir foilsiú an leabhair seo pobal na scoile agus an cheantair ar fad ag cuimhniú ar scéalta, ar eachtraí agus ar chairdeas agus is comóradh cuí é an leabhar breá seo ar na cuimhní sin. Is iontach na deiseanna a thug an scoil do mhuintir an cheantair, mé féin san áireamh, le leathchéad bliain. Go maire muid an céad.”
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Leabhar nua seolta agus aifreann ceiliúrtha easpaig do 50 bliain de Scoil Chuimsitheach Chiaráin…'