GAILEARAÍ: 90 bliain bainte amach ag Brian Ó Baoill agus ceiliúradh déanta ar na gaiscí go léir a rinne sé

Rinne Brian Ó Baoill a lá breithe 90 bliain a cheiliúradh le cairde is daoine muinteartha Tigh Mharcuis in Indreabhán, Conamara an Satharn seo caite. Scríbhneoir, drámadóir, fear feachtais ar son na Gaeilge, gníomhaí clubanna óige agus ealaíontóir is ea Brian a bhfuil cáil agus gean air i bhfad is i gcéin. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

 

Coinneal na nócha bliain á múchadh ag Brian

 

Brian ar a lá breithe Dé Sathairn seo caite agus é taobh le pictiúr de a tógadh 54 bliain ó shin i 1965. Diarmaid Ó Breartáin a ghlac an pictiúr sin i bhFaiche Stiabhna, Baile Átha Cliath

 

Brian lena chlann Tigh Mharcuis, Ruairí, Niamh agus Dara

 

Brian agus a dheartháir, Máirtín, An Trá Mhór, Port Láirge

 

Pat O’Connor agus Brian Ó Baoill. Agus Pat O’Connor ina gharda, ba é a ghabh Brian agus a thug chun príosúin é nuair a dhiúltaigh sé ceadúnas teilifíse a cheannach mar  agóid in aghaidh a laghad Gaeilge a bhí á chraoladh ar sheirbhísí teilifíse RTÉ. Ba é Brian Ó Baoill, a bhí ina fheidhmeannach de chuid Údarás na Gaeltachta ag an am, an chéad duine ón nGaeltacht a daoradh mar chuid den fheachtas sin

 

Brian Ó Baoill i mianach de chuid an Spanish American Mining Company i gCeanada i 1958

 

Brian agus a mhuintir ag ceiliúradh a bhreithlae Tigh Mharcuis i gCois Fharraige

 

Filí Chois Fharraige lá dá raibh: Ruairí Ó Tuathail, Brian Ó Baoill, Joe Steve Ó Neachtain agus Tom Phaddy Mac Diarmada. Tá Ruairí agus Tom ar shlí na fírinne.

 

Brian i measc Cheoltóírí Óga Chois Fharraige a cheol ómós dó ag an gceiliúradh

 

Josie Ó Cualáin, craoltóir agus aisteoir, Fear an Tí, ag cur Ceoltóirí Óga Chois Fharraige i láthair

 

Gabhann Brian buíochas leis na ceoltóirí

 

Brian ag bronnadh an chéad chóip dá cheirnín Trup, Trup, a Chapaillín, amhráin as a leabhar An Bealach Rúnda, ar Uachtarán na hÉireann, Éamon de Valera i 1968

 

Brian agus a iníon, Niamh, ag damhsa válsa

 

Neansaí Ní Choisdealbha agus Tommy Mellett ag casadh válsaí

 

Brian agus a iníon Niamh

 

Caitlín Ní Chualáin, craoltóir agus amhránaí, ag tabhairt ómóis do Bhrian

 

Óltar sláinte Bhriain – an fíon a rinne sé féin agus atá á ól aige le caoga bliain

 

Coinneal na ndeich mbliana agus trí scór séidte

 

Deochín bheag ag Brian is a mhac, Dara

 

Seán Ó Conghaile, Camas, le Bríd agus Micheál Ó Ceallaigh, Eanach Mheáin

 

Nan Uí Ghrádaigh, Síle Tim Ní Fhlatharta agus Nóirín Ní Ghrádaigh

 

Deborah Ní Ghibne, Brian Ó Gibne agus Aifric Ní Ghibne

 

Séamas Ó Maoláin, na hAille agus Deirdre Ní Thuairisg, Indreabhán

 

Charlie Lennon ón Spidéal agus Maura Kealy, Droichead an Chláirín

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: 90 bliain bainte amach ag Brian Ó Baoill agus ceiliúradh déanta ar na gaiscí go léir a rinne sé'

  • Brian Ó Baoill

    Go raibh míle maith agaibh as an tsraith iontach pictiúirí a fhoilsiú. Cuirfidh alán daoine, abhus is i gcéin, an-spéis iontu

    Brian.

  • Clíodhna Ní Mhurchú

    Thar cionn! Maith sibh as ócáid álainn a eagrú. Lá breithe sona duit arís a Bhriain

  • Máire phat mhairín phat

    Ócáid álainn a bhí ann! Bail ó dhia oraibh ar fad!

  • Eilís Ní Anluain

    Comhghairdeachas a Bhriain ar do bhreithlá!