Gaeilgeoirí ar mhaith leo cónaí faoin tuath á lorg do chlár teilifíse

Má tá teacht an earraigh agus síneadh an lae ag cur fonn bóthair ort, b’fhéidir gur duitse an tsraith teilifíse Bog Amach atá á léiriú ag Strident Media as Béal Feirste. Is é seo an dara séasúr den chlár seo ar RTÉ ina n-aimsítear tithe do dhaoine a dteastaíonn uathu bogadh amach faoin tír agus […]

Gaeilgeoirí ar mhaith leo cónaí faoin tuath á lorg do chlár teilifíse

Má tá teacht an earraigh agus síneadh an lae ag cur fonn bóthair ort, b’fhéidir gur duitse an tsraith teilifíse Bog Amach atá á léiriú ag Strident Media as Béal Feirste.

Is é seo an dara séasúr den chlár seo ar RTÉ ina n-aimsítear tithe do dhaoine a dteastaíonn uathu bogadh amach faoin tír agus a slí bheatha a shaothrú in áit dheas.

Tugtar na teaghlaigh ar cuairt chuig trí theach atá ar an margadh sa gceantar ina bhfuil spéis acu. Ar ndóigh sna daoine féin agus a saol is mó a bhíonn spéis ag an lucht féachana. Bíonn Gaeilge ag duine amháin ar a laghad den chomhluadar atá ag tóraíocht athrú saoil faoin tuath.

Sna sé chlár deiridh chonaiceamar daoine ag breathnú ar thithe i gConamara, in Uíbh Ráthach, i Sligeach, i Maigh Eo agus i dTír Chonaill.

Tá sraith nua á hullmhú faoi láthair agus má tá aon duine a bhfuil fonn air nó uirthi tabhairt faoi shaol nua faoin tuath agus a bheadh sásta ligean do chriú Bog Amach dul ag cuardach tí dóibh, ba chóir dóibh  dul i dteagmháil le Cara Dinsmore ag Strident Media ag cara@stridentmedia.com>

Fág freagra ar 'Gaeilgeoirí ar mhaith leo cónaí faoin tuath á lorg do chlár teilifíse'