Gach duine ar thóir an ‘unique experience’ – agus á lot ar a chéile

Nach é an trua go bhfuil oiread díobhála á dhéanamh againne lucht dúil i mbóithreoireacht, don domhan álainn ina mairimid 

Gach duine ar thóir an ‘unique experience’ – agus á lot ar a chéile

Is cuma cá dtéann tú ar saoire na laethanta seo, beidh an domhan is a mháthair ann romhat.

Tá Yanks ag baint na sála dá chéile i mbaile an Daingin i mbliana.

Cuirtear na fáiltí geala rompu ní nach ionadh, ach creidim fhéin go dtiocfaidh an lá nuair a fhéachfaidh siad timpeall orthu fhéin agus déarfaidh siad, ‘cad a thug anseo mé, ar mhórchostas chun a bheith a féachaint sa phus ar a thuilleadh Meiriceánach?’.

Cá bhfuil an ‘unique experience’ seo go mbíonn gach éinne ag súil leis nuair a théann siad as baile.

Gann go maith sa chás seo, mo thuairim.

Suas le sé mhíle míle ó mo bhaile dúchais a bhíos féin cúpla bliain ó shin nuair a rith an smaoineamh céanna liom.

Ar shléibhte na nAindéas ar thuras go Machu Picchu i bPeiriú a bhíos, ag súil le ‘eispéireas’ osnádúrtha i láthair a mheasas a bheith diamhair draíochtúil.

Mo léan géar, ag féachaint mórthimpeall ar na sluaite gealchraicneacha eile, suas le dhá mhíle acu, ag teacht sa tslí ar a chéile, ba bheag mistéir a bhain leis an dturas ar an láthair iomráiteach ach daoine ag pasáil a chéile.

Ar éigean a bhí aon radharc ceart agam ar an láthair cháiliúil tar éis mo bhráca is mo chostais. Ba dhaor an ceacht é.

Ach má tá an ‘cuairteoir’ nó an ‘taistealaí’ bréan de láithreacha saoire róphlódaithe bí cinnte go bhfuil áitreabhaigh na n-áiteanna san chomh ‘dubh dóite’ céanna.

Féach cad a tharla i mBarcelona an tseachtain seo imithe tharainn.

Daoine sa chathair ag caitheamh uisce ar thurasóirí agus ag fógairt orthu glanadh amach as an áit. Ní tógtha orthu é. Tá an chathair millte ag an líon turasóirí a bhíonn ann gach aon lá den mbliain. Creideann muintir na cathrach gurb iad na turasóirí is cúis leis an easpa lóistín atá sa chathair agus an mórchostas a leanann a leithéid d’éileamh.

Gan trácht ar thruailliú agus codladh na hoíche a bheith curtha ó mhaith orthu ag ráistéirí is ragairneálaithe.

I gcathair álainn na Veinéise tá siad le báiní ag na longa móra cúrsála le fada an lá.

Cuireadh cosc orthu cúpla bliain orthu toisc an díobháil a bhíodar a dhéanamh don leibhéal uisce sa chuan timpeall na cathrach.

Gearrtar táille €5 an duine ar aon turasóir a thagann i dtír anois chomh maith. Ní mór is fiú an méid sin d’éinne ach pinginí deasa do bhardas na cathrach.

Sa tSeapáin, ní ceadaítear do níos mó ná ceithre mhíle duine sa ló, turas a thabhairt ar Shliabh Fuji agus gearrtar táille 2000 yen/€11.59 an duine orthusan. Ach cuimhnigh air, ceithre mhíle duine a bheith ag déanamh ar an sliabh céanna in aon lá amháin. Is fada ó phléisiúr a leithéid de thuras.

Tugann suas le 330,000 duine cuairt an na hoileáin Galápogos san Aigéan Ciúin gach aon bhliain. Tá táille $200 an duine á ghearradh anois orthu in iarracht an ghnáthóg speisialta sin a chosaint. N’fheadar an stopfaidh sé sin iad.

Nach é an trua go bhfuil oiread díobhála á dhéanamh againne lucht dúil i mbóithreoireacht, don domhan álainn ina mairimid.

Deacair aon leigheas a fheiscint ar an scéal faid is atá saorchead taistil againn agus pinginí inár bpóca.

Agus ní tógtha ar aon Éireannach fonn a bheith orthu teitheadh ón tsíorbháisteach is ainnise ar a dtugaimid samhradh.

Ach mar a dúirt an fealsamh Francach Blaise Pascal ‘dá bhféadfadh an duine daonna fanacht socair ag baile ina sheomra féin ina aonar, ní bheadh aon trioblóid in aon chor sa domhan…’

An bhfuil éinne sásta éisteacht leis?

Fág freagra ar 'Gach duine ar thóir an ‘unique experience’ – agus á lot ar a chéile'

  • Carraig

    Cruach Phádraig na n-oilithreach againn féin millte ag iomarca pasála chomh maith céanna.