Deir an Teachta Dála Catherine Connolly go bhfuil amhras uirthi an gcaitheann Údarás na Gaeltachta an dua céanna lena chinntiú gurb í an Ghaeilge teanga oibre na Gaeltachta is a chaitheann siad ag iarraidh postanna a mhealladh.
Rinne Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta cosaint i dTithe an Oireachtais an tseachtain seo caite ar chur chuige an Údaráis maidir le cur chun cinn na Gaeilge sa Ghaeltacht.
Dúirt Micheál Ó hÉanaigh leis an Choiste Gaeilge agus Gaeltachta, a bhfuil an Teachta Dála Catherine Connolly ina ball de, go raibh “ceist an-mhór” le plé faoin teanga ach go raibh an eagraíocht “tiomanta” a cuid dualgas i leith na Gaeilge a chomhlíonadh.
“Is féidir liomsa a dheimhniú anseo thar ceann mo chomhghleacaithe, thar ceann Bhord an Údaráis, thar ceann na heagraíochta, go bhfuil muid tiomanta ar gach rud is féidir linn a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn i ngach gné dár gcuid oibre,” a dúirt Mícheál Ó hÉanaigh.
Cheistigh Catherine Connolly Príomhfheidhmeannach an Údaráis faoin méid atá á dhéanamh ag an eagraíocht i dtaca lena ndualgais i leith na Gaeilge.
Dúirt an Teachta Dála neamhspleách do Ghaillimh Thiar gur thuig sí go raibh an tÚdarás “in áit na leathphingine” i gcomparáid le Enterprise Ireland agus an IDA, ach nach raibh sí “iomlán sásta” go raibh a ndóthain á dhéanamh maidir lena chinntiú go mbíonn an Ghaeilge á cur chun cinn ag fostóirí sa Ghaeltacht.
“Tá freagracht ollmhór ar an Údarás ceannaireacht a thaispeáint. Níl mé iomlán sásta go bhfuil…sin á dhéanamh agaibh chomh héifeachtach is ba chóir.
“Tá fostaíocht thar a bheith tábhachtach ach chomh maith leis sin tá an teanga. Is sibhse atá ann chun an teanga a chosaint agus fostaíocht a mhealladh agus a choinneáil sa Ghaeltacht,” a dúirt sí.
Dúirt an Teachta Dála neamhspleách gur mheas sí go raibh iarracht á déanamh ag Údarás na Gaeltachta i dtaobh comhlachtaí a mhealladh chun na Gaeltachta agus a choinneáil ann ach nach raibh “córas monatóireachta” i bhfeidhm ag an Údarás chun a chinntiú go raibh an teanga á cosaint.
Ba chóir go mbeadh “coinníollacha teanga” i bhfeidhm d’aon chomhlacht ar mian leo lonnú sa Ghaeltacht, dar léi.
Dúirt an Teachta Dála chomh maith nár chosúil go raibh aon “aitheantas” tugtha ag an Údarás don ghéarchéim sa Ghaeltacht.
Mar fhreagra air sin, dúirt Mícheál Ó hÉanaigh, go dtuigeann Údarás na Gaeltachta “an tábhacht a bhaineann le cúrsaí Gaeilge”.
Dúirt Ó hÉanaigh go raibh obair “an-mhór” déanta ag an eagraíocht le daichead bliain anuas chun oiliúint a chur ar dhaoine sa Ghaeltacht agus ar fhostaíocht a chothú taobh istigh den Ghaeltacht.
“Bhí sé níos measa blianta ó shin nuair a bhí muid ag brath ar infheistíocht ón taobh amuigh agus bainisteoirí ón taobh amuigh, ar chomhlachtaí ón taobh amuigh, agus ar na scileanna ón taobh amuigh ach tá obair an-mhór déanta ag an Údarás na Gaeltachta le ceathracha bliain anuas.”
Dúirt Ó hÉanaigh gur chuir an tÚdarás “go leor béime” ar oiliúint daoine, ar oiliúint bainisteoirí agus ar scéimeanna printíseachta agus go bhfuil a thoradh sin le feiceáil i gcuid de na monarchana ina bhfuil cainteoirí Gaeilge sna poist is sinsearaí.
Dúirt sé chomh maith gur thuig bunaitheoirí an Údaráis go gcaithfí a chinntiú go raibh na scileanna ag daoine sa Ghaeltacht le go bhféadfaidís “feidhmiú sna comhlachtaí” a bunaíodh.
“Ní hin le rá nach gcaithfidh muid daoine a thabhairt isteach ó am go chéile le scil ar leith ach tá muid ag iarraidh a bheith cinnte go roinnfidh an duine sin a scil le duine Gaeltachta,” a dúirt sé.
Thagair Ó hÉanaigh do Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair agus dúirt sé nach raibh “aon dabht faoi” ach gurb í an Ghaeilge “teanga labhartha” na monarchana is mó ann.
Dúirt Príomhfheidhmeannach an Údaráis gur “gné” den Ghaeltacht í go mbeadh an diaspóra agus muintir an diaspóra ag filleadh ar an Ghaeltacht nuair a chruthaítear deiseanna fostaíochta sa cheantar.
“Tá an ghné sin a bhaineann le Gaeltachtaí, go bhfuil fáilte ar ais roimh na daoine seo. B’fhéidir nach bhfuil Gaeilge acu féin ach tógann siad a gclann leis an nGaeilge agus cuireann siad leis an bpobal,” a dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh.
Donncha Ó hÉallaithe
Is maith í an Teachta Catherine Connolly.
Isléiriú é ar chiomh ‘tiomanta’ is atá an tÚdarás faoin nGaeilge go ndearnadh Comhairle Chontae na Gaillimhe iarracht dhá bhliain ó shin fáil réidh leis na coinníollacha teanga ar eastáit tiochtíochta a bheadh le tógáil sna Forbhacha, i ngoireacht scread asail do cheanncheathrú an Údaráis, agus níor chuir Údarás na Gaeltachta in aghaidh seo! Murach na n-eagraíochtaí pobail i gCois Fharraige a thóg seasamh ag an am, ní bheadh aon choinníoll teanga ag baint leis na eastáit atá á bhforbairt faoi láthair sna Forbacha.
Tá sé in am do na meáin Ghaeilge ceist a chur ar Údarás na Gaeltachta cén polasaí atá ag an eagraíocht stáit atá sé mar dhualgas reachtúil air an Ghaeilge a caomhnú sa Ghaeltacht, i dtaobh cúrsaí pleanála. An bhfuil sé mar pholasaí ag Údarás na Gaeltachta i gcónaí GAN dul chuig an Bord Pleanála i gcás pleanála ar bith sa Ghaeltacht a fhéadfadh dochar a dhéanamh don Ghaeilge mar theanga i measc an phobail, ach é a fhágaint faoin bpobal? Agus mura bhfuil an polasaí sin ag an Údarás, an bhfuil aon chás ann le 20 mbliain anuas lena léiriú gur thóg an tÚdarás cás chomh fada leis an mBord Pleanála, a bhain le cúrsaí Gaeilge?
Donncha Eile
Níl suim dhá laghad ag an tÚdarás i gcúrsaí Gaeilge. Tá a fhios ag chuile mac máthair go bhfuil siad ag feidhmiú mórán 60% i mbéarla go hinmheánach agus tá sé in am ag meáin na Gaeilge éirí as an cheilt agus iad a chuir faoi scrúdú. Tá siad ag fostú daoine gan Gaeilge ina noifigí féin! Níl uathu ach Meiriceánaigh agus a bheith ag mealladh daoine isteach i gceantair Ghaeltachta. Níl caint ar bith tacú leis an dream atá anseo cheana féin.
Mairéad
Sí Catherine Connolly an t-aon duine a chuireann ceisteanna ar Údarás agus an t-aon duine nach nglacann leis na bhfreagraí doiléir a thugtar di gan iad a leanúint suas. Cá bhfuil iriseoirí na Gaeilge? Seachas a bheith ag fiosrú scéalta tá siad ag smúrach thart ar fheidhmeananch an Údaráis ag súil go mbeidh duine acu sásta cúig nóiméad a chaitheamh ag labhairt ráiméis gan ceist ar a gcláracha “cúrsaí reatha”.
Feardorcha
Tá margadh an áibhirseora déanta leis an Údarás. Titeann corr-rud fiúntach óna mbord agus is fearr sin ná an faic a gheobhfaí dá n-éagmais.
Sin mar a sheasann cúrsaí maidir le gnáthmhuintir na Gaeltachta, na heagraíochtaí Gaeltachta, na heagraíochtaí Gaeilge, na hiriseoirí áitiúila agus náisiúnta, na polaiteoirí áitiúla agus náisiunta. Agus is olc linn an Béarlóir fánach a gcuireann seo alltacht air.
Tá sé in am meaits a chur leis an gcóras, an seanteach lofa a dhó go talamh.
Cordelia Nic Fhearraigh
‘B’fhéidir nach bhfuil Gaeilge acu féin ach tógann siad a gclann leis an nGaeilge agus cuireann siad leis an bpobal.’
Eh?? Nach gcaithfidh cumas labhairt agus scríobh na Gaeilge bheith agat/ag tuismitheoirí le clann a thógáil le Gaeilge?? Agus nach bhfuil níos mó suim ag an bpobal ‘Gaeltachta’ an Bhéarla a labhairt le daoine úra/strainséirí/daoine isteach? Mura bhfuil polasaí Gaeilge ag fostóirí sa Ghaeltacht agus mura bhfuil eagraíocht ann le monatóireacht a dhéanamh ar an pholasaí sin níl mórán maith ‘gaeltacht’ a thabhairt ar an réigiún sin a thuilleadh.
COINNÍOLL GAEILGE DON GHAELTACHT ANOIS!!!