Fuath agus faitíos in Westminster agus gan d’fhaoiseamh ann ach an tseafóid

Tá cúrsaí Breatimeachta ag éirí chomh gránna sin gur faoiseamh is ea an tseafóid ón ngangaid agus an ghanfhiosaíocht

Fuath agus faitíos in Westminster agus gan d’fhaoiseamh ann ach an tseafóid

Ba ghránna an feic é. Agóideoirí ag imeaglú an fheisire Parlaiminte Anna Soubry agus í ag déanamh a bealaigh ó fhaiche an choláiste go dtí an taobhdhoras i dTeach na Parlaiminte Dé Luain. Ar ndóigh níorbh ionann é agus dúnmharú an fheisire Jo Cox aimsir an reifrinn faoin mBreatimeacht ach ba léiriú é ar an gcontúirt ina mbíonn ionadaithe poiblí agus ar an nimh sa phota polaitiúil.

Thosaigh an eachtra nuair a bhí an feisire Soubry, Caomhach atá glórach in éadan an Bhreatimeachta, ag déanamh agallamh teilifíse sa bhfaiche mar a bhfuil na meáin campáilte don tréimhse chinniúnach seo. I measc na maslaí a caitheadh léi fad is a bhí na hagallaimh ar siúl dúradh gur Naitsí, suarachán agus bréagadóir í. Nuair a bhí sí ag trasnú na cearnóige ina dhiaidh sin lean na léirsitheoirí í, a bhfuath follasach.

Tá lucht agóide ar dhá thaobh na hargóna faoin mBreatimeacht gníomhach ar an bhfaiche sin le míonna, a bplaiceaird le feiceáil sa chúlra i dtuairiscí teilifíse go seasta. Ní rud nua é maslaí agus achasáin a bheith á gcaitheamh ag an dá thaobh agus seans nach iontas é an teannas a bheith ag géarú nuair atá an vóta faoi mhargadh imeachta Theresa May beartaithe don tseachtain seo chugainn. Ach tá grúpa beag i measc an lucht agóide atá níos trodaí ná an móramh agus bhí a ndeargnaimhdeas d’Anna Soubry scanrúil. Bean neamheaglach í ach bhí a goilliúnacht soiléir.

Díol suntais ag daoine ar an láthair ab ea go raibh póilíní ag faire ar an eachtra ach nach ndearna siad tada. Ní hiontas gur scríobh breis is 50 comhghleacaí de chuid Soubry chuig Cressida Dick, Coimisinéir na bPóilíní i Londain, an Met, chun a míshuaimhneas faoin ord poiblí in aice na Parlaiminte a chur ar a súile di. Dúirt na feisirí atá ag iarraidh imeacht ón AE agus iad siúd atá ag iarraidh fanacht ann nach bhféadfaí glacadh le hiompar an lucht agóide in aghaidh Anna Soubry agus gur cheart go mbeadh feisirí Parlaiminte in ann a gcuid oibre a dhéanamh gan imeaglú a bheith á dhéanamh orthu.

Spás poiblí is ea faiche an choláiste agus tá sé de cheart ag daoine agóid a dhéanamh ann agus saoirse cainte acu. Tá polaiteoirí buartha faoi iompar bagrach, áfach, go hairithe in aghaidh na mban, agus tá cuid de na meáin ag fostú lucht slándála chun aire a thabhairt dá bhfoirne agus d’aíonna. Níl údarás ag an gCeann Comhairle John Bercow taobh amuigh de Theach na Parlaiminte, ach ba léir gur chreid sé nach raibh dóthain déanta ag póilíní.

Ní ar na polaiteoirí amháin atá aghaidh á tabhairt ag eite áirithe den lucht agóide. Thug scata in éide bhuí – sórt ‘gilet jaune’ –íde béil d’iriseoirí freisin. An tseachtain seo caite caitheadh achasáin chiníocha le heagarthóir polaitíochta Sky, Faisal Islam, agus rinneadh ciapadh gnéis ar mhná ón BBC agus Sky, Laura Kuenssberg agus Kay Burley, ar an bhfaiche freisin. Tamall ó shin rinneadh iarracht imeaglú homafóbach a dhéanamh ar an tráchtaire Owen Jones. Faoi mhaidin Dé Máirt bhí an Met ‘ag fiosrú’ líomhaintí, dar le hurlabhraí dá gcuid.

Tá na scéalta sin ar fad chomh gruama sin gur dheas spraoi a bhaint as gné éigin de dhráma fadálach an Bhreatimeachta. A bhuíochas de Státrúnaí Iompair na Breataine, Chris Grayling, fuarthas faoiseamh ón duairceas cúpla babhta, cé nach ar an mbealach a bhí i gceist aige féin é.

Mar chuid den ullmhúchán don Bhreatimeacht gan aon mhargadh thug Grayling £13.8 milliún do chomhlacht farantóireachta nach bhfuil bád ar bith acu agus nár rith seirbhís farantóireachta riamh cheana. Tá siad in ainm is a bheith i mbun oibre san Aibreán.

Ba é Grayling chomh maith faoi ndear réamhchleachtadh na leoraithe Dé Luain. Úsáideann thart ar 10,000 leoraí calafoirt Mhuir nIocht gach lá. Mar thástáil ar conas a láimhseálfaí an trácht agus custaim sa gcás gur Breatimeacht gan mhargadh a bheidh ann thaistil 89 trucail ó Ramsgate go Dover faoi dhó. Bhí an Roinn Iompair sásta, ach dúirt urlabhraí na gcomhlachtaí iompair gur sop in áit na scuaibe ab ea an cleachtadh agus nach raibh cosúlacht ar bith ag 89 leoraí leis an 4,000 leoraí a bheadh ag fanacht i Ramsgate le dhul go Dover i gcás an Bhreatimeachta chrua.

Ansin d’fhógair an DUP a míshástacht faoin scéala nach mbeadh coinníollacha speisialta á gceadú do Thuaisceart Éireann maidir le hoibrithe neamhoilte ón iasacht a fhostú. Ach ní theastaíonn ón DUP go mbeadh difríocht idir an tuaisceart agus an chuid eile den Ríocht Aontaithe.

Agus sin gan trácht ar an bpraiseach i bpáirtí an Lucht Oibre agus Barry Gardiner ag caint ar mhargadh a sháródh rialacha an AE a fháil gan stró agus reifreann eile chomh maith. Deargsheafóid, arsa Emily Thornberry ón bpáirtí céanna. Agus cá bhfios céard a theastaíonn ó Jeremy Corbyn?

I bhfianaise a bhfuil d’fhuath agus d’fhaitíos ag baint leis an mBreatimeacht bíodh áthas orainn cúis gháire a fháil cibé céard as a dtagann sí.

Fág freagra ar 'Fuath agus faitíos in Westminster agus gan d’fhaoiseamh ann ach an tseafóid'