Fuair na caoirigh féin ‘blow dry’ ag Seó Balmoral

D’fhreastail ár gcolúnaí ar Thaispeántas Mór Bhaile Mhoireil, atá suite anois ar an suíomh a raibh Príosún an Maze tráth

Fuair na caoirigh féin ‘blow dry’ ag Seó Balmoral

LOL – ní chiallaíonn sé ‘Laugh Out Loud’ nuair atá tú ag freastal ar Thaispeántas Mór Bhaile Mhoireil. Go háirithe má bhíonn tú ag caitheamh súl ar na hearraí ar taispeáint ag an Ord Oráisteach. Dóibh siúd atá aineolach faoi na cúrsaí seo ciallaíonn sé ‘Loyal Orange Lodge.’

Bhí daoine ansin ag poibliú na músaem atá ag an Ord i mBéal Feirste agus i Loch gCál. Ní bheadh a fhios seo ag an mbean a bhí ag tabhairt an eolais dom, ach sheas mé uair amháin sa teach inar bunaíodh an tOrd Oráisteach gar do Loch gCál.

Bhíomar i mbun an chláir teilifíse Iris sna hochtóidí agus nuair a thugamar cuairt ar an teach beag feirme, nuair a taispeánadh an seomra inar tharla an eachtra stairiúil, bhí sé lán go béal le turcaithe. Is cuimhin liom go raibh an-díomá ar an léiritheoir an mhaidin dár gcionn nuair a chuamar ar ais chun an scannánú a dhéanamh agus bhí an áit sciúrtha, glan agus gan aon radharc ar na turcaithe bochta a bhí díbeartha.

Bhí seastán an Oird ar cheann den 700 seastán gnó a bhí leagtha amach go tarraingteach sa taispeántas nuair a thug mé cuairt ar Bhaile Mhoireil cúpla lá ó shin.

Tríocha bliain tar éis an chláir Iris sin tá mé ar ais sa saol teilifíse- an uair seo ag feidhmiú le foireann teilifíse ar son TG4/BBC/ILBF. Ní bheidh an clár le feiceáil go ceann roinnt míonna agus beidh sé mar chuid de shraith faoi thaispeántais talmhaíochta ar fud na tíre.

Ba é seo an chéad uair domsa ag freastal ar sheó dá leithéid. I mbliana tá siad ag súil le os cionn 100,000 cuairteoir thar thréimhse ceithre lá. Os cionn 3,500 ainmhí a bheas ar taispeáint agus ag glacadh páirte sna comórtais. An mhaidin a bhí mise ag tabhairt cuairte ann bhí an bearradh caorach ar siúl.

Ceann de na rudaí ba mhó ar thug mé suntas dó ná an líon daoine a bhí ag obair don taispeántas féin. Bhí slua mór acu ag cinntiú go raibh gach rud in ord – ón trácht isteach is amach go dtí na cailíní a bhí i mbun bhailiú olann na gcaorach i ndiaidh gach bearradh. Níor fhágadar ribe ar an talamh ina ndiaidh.

Bíonn an-bhéim ar ghlaineacht agus ar chuma ‘álainn’ an ainmhí. An chéad rud a chonaic mé nuair a landáil mé ag an suíomh ná leaidín óg ag seampú-áil lao. Bhí fear lena thaobh agus píopa uisce aige ag déanamh cinnte nach mbeadh spota ar chótaí na mbeithíoch. Bhí ceathrar deirfiúracha ó chlann amháin ann – chuile dhuine acu ar nós banríon áilleachta. Ach bhí duine amháin i bhfeighil an ainmhí agus chomh luath agus a bhí radharc ar bhualtrach bó, bhí an tuáille páipéir aici agus í i mbun oibre. Gan aon dochar do na hingne.

Bhí sórt amhrais orm faoin dath buí a bhí ar go leor de na caoirigh – dúirt an léiritheoir liom gur dath gréine bréige a bhí ann ach níl a fhios agam ar chreid mé í. Ach cinnte chonaic mé eireaball ag fáil ‘blow dry.’

Ní ainmhithe amháin a bhí ar taispeáint ann cé go bhfuil an-bhéim orthu. Bhainfeadh an t-innealra an radharc as do shúil – agus ar ndóigh an-suim go deo ag na daoine óga iontu. Bhí an PSNI ann iad féin agus tarracóir mór millteach acu agus cead ag na páistí a  bheith ag spraoi air.

Agus toisc an tsuim atá ag muintir Thuaisceart Éireann sna rothair ghluaiste bhí taispeántas léimnigh agus cleasanna ar na rothair sin ar pháirc mhór ghlas i lár an taispeántais. Agus mé faoi dhraíocht ag na marcaithe rothair, chaill mé an argóint idir Martina Anderson, Sinn Féin agus an tAire Karen Bradley a bhí ar siúl i bpuball eile.

I mbliana tá siad ag cur an-bhéim ar chuairteoirí a mhealladh ó Phoblacht na hÉireann. Chas mé le beirt fhear as Sligeach a bhí ag ceannach bricfeasta i gceann de na pubaill mhóra bhídh.

Chaitheadar isteach fiche euro. D’imigh bean an airgid isteach taobh thiar go ndéanfadh sí amach cén luach a bhí ann. Tháinig sí ar ais. Bhíodar gann aon phunt amháin, dúirt sí leo.

Ach bhíodar tar éis taisteal thar teorainn agus ní raibh aon steirling acu. Ba bheag nárbh éigean dóibh an dá bhricfeasta a fhágáil ina ndiaidh. D’aimsigh mé féin agus bean eile 50p an duine agus shíneamar chucu iad. Bhí an chosúlacht orthu go raibh siad réidh le n-imeacht ar ais go Sligeach gan bricfeasta faoin am seo. Ghlacadar leis an airgead agus away leo.

Labhair mé leo ar mo bhealach chuig mo bhord féin. Bhíodar maslaithe. ‘They wouldn’t take our money,’ a dúirt siad. D’inis siad dom go gceannaíonn siad ‘roinnt’ stuif. Feirmeoirí arís. Ní inseoidís duit cén lá den tseachtain é.

Ach ní raibh ann ach míthuiscint bheag agus bheinn den tuairim go nglactar go fonnmhar leis an euro ag an taispeántas seo. Ní raibh an chraic ach ina s nuair ab éigean dom imeacht. Bhí an puball leis an mbanna ceoil tíre ag cur thar maoil agus daoine ag damhsa faoin ngrian nuair a d’imigh mé ar ais chuig mo charr. Bhí an ‘maor’ a casadh orm ar maidin fós i mbun oibre.

‘I’ll look after you,’ a dúirt sé liom agus é ag cabhrú liom mo charr a aimsiú. D’inis mé dó go raibh dearmad déanta agam ar an áit pháirceála féin ach ‘ it’s beside where the cows were getting shampooed.’ Fuair sé ar an bpointe é.

Agus ar mo bhealach amach, cuimhne eile ó na hochtóidí…..tá taispeántas Bhaile Mhoireil suite anois ar an suíomh a raibh Príosún an Maze tráth. Cheap mé go raibh an príosún leagtha ach os mo chomhair amach, foirgneamh íseal le sreang dheilgneach agus túir arda faire. Cuimhní eile ó na hochtóidí agus obair na teilifíse thar teorainn.

Fág freagra ar 'Fuair na caoirigh féin ‘blow dry’ ag Seó Balmoral'