Fós ag fanacht ar scéala ón té a cheannaigh ticéad Lotto a bhuaigh €500,000 i siopa Gaeltachta

Deir lucht Shiopa Mhicí i nGaeltacht Dhún na nGall go raibh ‘go leor leor cuairteoirí’ sa cheantar le coicís anuas agus go raibh ‘seans maith ann’ gur le cuairteoir a díoladh an ticéad buacach

Fós ag fanacht ar scéala ón té a cheannaigh ticéad Lotto a bhuaigh €500,000 i siopa Gaeltachta

Tá “an-áthas” ar úinéirí Shiopa Mhicí i nGaeltacht Dhún na nGall gur le custaiméir dá gcuid a díoladh an ticéad Lotto a bhuaigh leathmhilliún euro i gcrannchur náisiúnta na hoíche aréir.

Dheimhnigh an Crannchur Náisiúnta do Tuairisc.ie nach ndearna an buaiteoir aon teagmháil leo go fóill.

Dheimhnigh duine de lucht an tsiopa aitheanta sna Doirí Beaga chomh maith do Tuairisc.ie nár tháinig duine ar bith chun tosaigh go fóill leis an ticéad buacach, ar fiú leathmhilliún é, ach dúradh go raibh “an-áthas go deo” orthu gur ina siopa féin a ceannaíodh an ticéad.

Dúradh go raibh “go leor leor cuairteoirí” sa cheantar le coicís anuas agus go raibh “seans maith ann” gur le cuairteoir a díoladh an ticéad buacach.

05, 16, 20, 44 agus 47 na huimhreacha a tarraingíodh i gcrannchur an ‘Euromillions Plus draw’ na hoíche aréir.

Seo an dara ticéad Lotto buacach a díoladh i gcontae Dhún na nGall le seachtain anuas.

I sráidbhaile Chonmhaí, in oirthear Dhún na nGall, a díoladh an ticéad a bhuaigh €2.4 milliún i gcrannchur an tSathairn seo caite.

Tá sé deimhnithe ag an Chrannchur Náisiúnta gur tháinig an buaiteoir sin chun tosaigh agus go bhfuil socruithe á ndéanamh chun an duaischiste a bhailiú.

Fág freagra ar 'Fós ag fanacht ar scéala ón té a cheannaigh ticéad Lotto a bhuaigh €500,000 i siopa Gaeltachta'