I ndiaidh na gCluichí Oilimpeacha ba rathúla riamh ag foireann na hÉireann, beifear ag súil le roinnt mhaith bonn eile as Páras idir seo agus deireadh na seachtaine seo chugainn agus tús á chur leis na Cluichí Parailimpeacha anocht.
Mar a rinneadh ag na Cluichí Oilimpeacha, reáchtálfar an searmanas tosaithe (7.00in) i gcroílár Pháras agus beidh suas le 4,400 lúthchleasaí ó bhreis is 180 tír ag dul síos an Champs-Elysées agus ag bailiú i lár an Place de la Concorde os comhair na mílte lucht féachana.
Seacht gcinn de bhoinn a bhuaigh Éire ag Cluichí Oilimpeacha 2024 ach tá sé ina sprioc an figiúr sin a shárú sna laethanta atá amach romhainn agus é ráite ag Príomhfheidhmeannach Chumann Parailimpeach na hÉireann, Stephen McNamara, go bhfuiltear ag súil le suas le deich mbonn a bhuachan.
Seacht mbonn a bhuaigh foireann na hÉireann ag na Cluichí Parailimpeacha i dTóiceo trí bliana ó shin, ceithre cinn óir ina measc, ach tá foireann níos mó – 35 iomaitheoir – á cur chuig Páras ná mar a bhí sa tSeapáin in 2021. Tá infheistíocht níos mó faighte ón Rialtas idir an dá linn – os cionn €8 milliún agus beagnach leath de sin caite ar lúthchleasaithe ardfheidhmíochta, rud a thugann deis níos fearr dóibh barr feabhais a bhaint amach.
Maidin amárach a thosóidh an iomaíocht i gceart agus, mar a bhí i gceist ag na Cluichí Oilimpeacha, is sa linn snámha sa La Défense Arena a bheidh cuid mhaith den aicsean sna laethanta tosaigh agus an-seans ag Éirinn boinn a bhuachan.
Duine acu siúd a bheidh ag súil le boinn a thabhairt abhaile í Róisín Ní Riain, a ghlac páirt sna cluichí i dTóiceo is gan í ach sé bliana déag d’aois. Beidh Ní Riain, iardhalta de chuid Ghaelcholáiste Luimnigh, ag snámh sna comórtais féileacáin 100m sa rannóg S13 maidin amárach agus babhta ceannais an chomórtais le bheith ann ag 7.10in.
Bhuaigh Ní Riain boinn airgid sa snámh féileacháin 100m ag na craobhacha domhanda agus Eorpa le cúpla bliain anuas – cúig bhonn ar fad a bhuaigh sí ag craobhacha na hEorpa mí Aibreáin – agus beidh sí sa tóir ar bhonn freisin sa snámh droma 100m Dé hAoine agus boinn óir buaite aici sa chomórtas sin ag mórchraobhacha idirnáisiúnta chomh maith. Beidh deis eile ar bhonn aici sa snámh brollaigh 100m an tseachtain seo chugainn agus sa mheascra aonair 200m.
Agus Ní Riain ag iarraidh a céad bhonn Parailimpeach a bhuachan, tá Nicole Turner agus Ellen Keane ag iarraidh cur leis na boinn a bhuadar sa linn snámha i dTóiceo, agus i Rio de Janeiro chomh maith i gcás Keane.
Beidh Turner san iomaíocht sa snámh saorstíle 50m sa rannóg S6 maidin amárach. Dé Máirt seo chugainn a bheidh sí san iomaíocht sa snámh féileacáin 50m inar bhuaigh sí a boinn airgid trí bliana ó shin.
Tá sé deimhnithe ag Keane, duine de réalta na hÉireann i dTóiceo, gurb iad seo na cluichí deireanacha a nglacfaidh sí páirt iontu agus í ag iarraidh an bonn óir a bhuaigh sí sa snámh brollaigh 100m sa rannóg SB8 trí bliana ó shin a bhuachan arís. Dé hAoine a bheidh an comórtas sin agus Keane sa linn snámha arís don snámh droma 100m Dé Máirt seo chugainn.
Is ar an Vélodrome National de Saint-Quentin-en-Yvelines a bheidh aird mhuintir Árann dírithe ar maidin mar a mbeidh fear Inis Mór, Eoin Mullen, agus Martin Gordon ag glacadh páirt sa rás tóraíochta aonair 4000m sa rannóg B4. Bhí Mullen ag rothaíocht ar son na hÉireann ag craobhacha an domhain roimhe seo ach glacfaidh sé páirt sna Cluichí Parailimpeacha den chéad uair agus é mar phíolóta ag Gordon, nach bhfuil radharc na súl aige. Glacfaidh an bheirt páirt sa chomórtas Triail Ama 1000m B ar an Domhnach chomh maith, comórtas inar chríochnaigh Gordon sa chúigiú háit i dTóiceo.
Bhuaigh Katie-George Dunlevy agus Eve McCrystal dhá bhonn óir agus bonn airgid i dTóiceo agus beidh an bheirt arís san iomaíocht i gcomórtais ar aon raon agus ar an mbóthar i bPáras.
Beidh na comórtais raoin agus faiche ar siúl arís sa Stade de France agus is í Greta Štreimikytė an chéad Éireannach a bheidh san iomaíocht ann nuair a bheidh sí ag rith sa rás 1500m T13 amárach. Bhuaigh Štreimikytė boinn óir sa 1500m ag craobhacha na hEorpa in 2018 agus 2021. Sa chúigiú háit a chríochnaigh sí ag na Cluichí Parailimpeacha trí bliana ó shin.
Meastar go bhfuil deis ar bhonn freisin ag Orla Comerford, a bheidh ar dhuine den bheirt a bheidh ag iompar bratach na hÉireann sa searmanas tosaigh anocht. Beidh an Baile Átha Cliathach ag rith sa chomórtas ráibe 100m T13 Dé Máirt seo chugainn.
Fear amháin nach mbeidh i bPáras ná an lúthchleasaí Parailimpeach is rathúla riamh ag Éirinn, Jason Smyth. Sé cinn de bhoinn óir a bhuaigh Smyth idir na rásaí ráibe 100m agus 200m T13 idir 2008 agus 2021, chomh maith le hocht gcinn de bhoinn óir ag craobhacha an domhain. Is i mbun anailíse do RTÉ a bheidh Smyth i gcaitheamh na gcluichí agus é cinnte ag súil le bheith ag cur síos ar sheachtain go leith stairiúil do Pharailimpigh na hÉireann.
Is féidir clár iomlán na bParailimpeach Éireannach a fheiceáil anseo.
Fág freagra ar 'Foireann na hÉireann ag súil le tuilleadh bonn a thabhairt abhaile as Páras agus tús á chur leis na Cluichí Parailimpeacha'