FÍSEÁN: Más eol duit ‘na sé fantastic focal’ seo, ba chóir duit smaoineamh ar phost mar aistritheoir Gaeilge san AE, a deir an Rialtas

D’fhoilsigh Roinn na Gaeltachta físeán bolscaireachta inniu chun aird a tharraingt ar an chomórtas earcaíochta atá ar siúl faoi láthair do 72 aistritheoir Gaeilge san Aontas Eorpach

FÍSEÁN: Más eol duit ‘na sé fantastic focal’ seo, ba chóir duit smaoineamh ar phost mar aistritheoir Gaeilge san AE, a deir an Rialtas

Má aithníonn tú na sé ‘fantastic focal’ atá i bhfíseán bolscaireachta nua de chuid Roinn na Gaeltachta, ba chóir duit smaoineamh ar chur isteach ar phost mar aistritheoir Gaeilge san AE.

Sin an teachtaireacht atá i bhfíseán nua a d’fhoilsigh Roinn na Gaeltachta thar ceann Rialtas na hÉireann inniu chun aird a tharraingt ar an chomórtas earcaíochta atá ar siúl faoi láthair do 72 aistritheoir Gaeilge san Aontas Eorpach.

Dé hAoine an sprioc le cur isteach ar na folúntais san AE i ndiaidh do EPSO, an tseirbhís earcaíochta, síneadh ama a chur leis an chomórtas nuair nár éirigh leo teacht ar dhóthain daoine roimh an gcéad sprioc.

Sé ‘fantastic’ focal atá luaite san fhíseán agus teachtaireacht ag gabháil leo ag tabhairt le fios do dhaoine a bhfuil “seanaithne” acu ar na focail chéanna a machnamh a dhéanamh cur isteach ar phost mar aistritheoir Gaeilge.

I measc na bhfocal san fhíseán tá ‘aimliú’, ‘faoileánach’ agus ‘sceitimíní’.

Mhol an tAire Gaeltachta Joe McHugh “go láidir” arís inniu do chainteoirí Gaeilge iarratas a dhéanamh ar na poist in institiúidí an Aontais Eorpaigh.

“De bharr go bhfuil stádas oifigiúil á thabhairt dár teanga agus go mbeidh sí mar theanga oibre san Aontas Eorpach, tugann an feachtas earcaíochta seo deis ar leith do chainteoirí Gaeilge dul ag obair, cur fúthu agus gairm a bhaint amach dóibh féin i gcroílár na hEorpa,” a dúirt McHugh.

Dúirt sé gur chóir do chéimithe “ó réimse acadúil ar bith” a bhfuil Gaeilge acu “a machnamh a dhéanamh ar na poist atá á dtairiscint sa Bhruiséil agus i Lucsamburg”.

“Tá éileamh ann don Ghaeilge agus cuireann na poist seo deiseanna iontacha gairme agus saoil ar fáil, agus mar sin molaim go láidir do chéimithe iarratas a chur isteach.   D’oirfeadh na poist seo freisin do dhaoine a labhraíonn Gaeilge, ar tuismitheoirí iad a bhfuil a gclann tógtha acu agus a bhfuil dúshlán nua níos déanaí sa saol á lorg acu,” arsa an tAire Gaeltachta Joe McHugh.

Fógraíodh i mí Iúil go raibh 72 aistritheoir Gaeilge á lorg ag Seirbhísí Aistriúcháin an Aontais Eorpaigh mar chuid den fheachtas earcaíochta nua, atá á reáchtáil ag EPSO.

An 4 Meán Fómhair an chéad sprioclá a tugadh d’iarratais ach cuireadh síneadh ama leis an gcomórtas go dtí an 20 Meán Fómhair.

An bhliain seo caite níor éirigh ach le deichniúr den 210 duine a chuir isteach ar chomórtas do 63 aistritheoir Gaeilge san Aontas Eorpach. Bhí deacrachtaí ag an tseirbhís earcaíochta, EPSO, teacht ar a dóthain daoine an t-am sin a raibh caighdeán Gaeilge agus scileanna aistriúcháin sách ard acu do na poist agus meastar go bhfuil na deacrachtaí céanna á nochtadh féin arís.

Tosaíonn tuarastail na bpost aistritheora seo ag €4,707 sa mhí.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Más eol duit ‘na sé fantastic focal’ seo, ba chóir duit smaoineamh ar phost mar aistritheoir Gaeilge san AE, a deir an Rialtas'

  • Fíriciúil

    ‘Fact check’ beag ar an méid a dúirt an tUasal McHugh (nó an é gur chuir sé a chuid aimsirí tríd a chéile!?): tá stádas oifigiúil ag an Ghaeilge ó 2007 i leith, agus tá sí ina teanga oibre de chuid an AE ó 2007 i leith.

    Is aisteach an físeán é seo. Aistriúcháin Bhéarla ar fhocail Gaeilge. Go bhfios dom, ní aistriúchán ó Ghaeilge go Béarla a bhíonn ar siúl ag aistritheoirí Gaeilge sa Bhruiséil.

  • Magaoidh

    Deichniúr as 210 ar eirigh leo post a fháil mar aistritheoir san AE! Seo na daoine go bhfuil máistreachtaí agus Phds san aistriúcháin ó Bhéarla go Gaeilge acu. Céard atá ar bun acu ar cor ar bith sna rannógaí Gaeilge agus sna cúrsaí iarchéime san aistriúcháin sna hollscoileanna?
    Tá jobanna ann do dhaoine le hardchaighdeán Gaeilge; ach an dtuigeann comhairleoirí gairmthreorach agus tuismitheoirí é sin? Nuair nach niarrtar ardchaighdeán Gaeilge san Ardteist Gaeilge is deacair tógaint ar an nGaeilge tanaí a bhíonn ag daltaí ar eiríonn leo fiú A a fháil san Ardteist ardleibhéal.

  • Feardorcha

    Cén fáth go ndéanfá físeán ag iarraidh na haistritheoirí Gaeilge is fearr amuigh a mhealladh agus níos mó de i mBéarla ná i nGaeilge?
    Agus seans gur oiriúnaí ‘reachtaíocht’, ‘fasach’, ‘rialacháin’, ‘coinbhinsiún’, ‘straitéis’, srl do shaol gruama leamh an aistritheora ansin thall ná ‘bubbly joy’….

  • Feardorcha

    Cén fáth go ndéanfá físeán ag iarraidh na haistritheoirí Gaeilge is fearr amuigh a mhealladh agus níos mó de i mBéarla ná i nGaeilge?