Fíbín ag triall ar an Taibhdhearc le ‘An Triail’

Beidh An Triail le Máireád Ní Ghráda á chur ar stáitse ag Fíbín i dTaibhdhearc na Gaillimhe an tseachtain seo mar chuid de chamchuairt náisiúnta

PRÍOMH ÍOMHÁ

Chuir an comhlacht drámaíochta Gaeilge Fíbín tús lena gcamchuairt náisiúnta breis agus seachtain ó shin agus An Triail le Máireád Ní Ghráda á chur ar stáitse acu. Is é Brendan Murray atá ag stiúradh an léirithe seo de dhráma atá ar churaclam na hArdteiste le roinnt mhaith blianta anuas agus an-tóir ag scoláirí meánscoile air dá bharr.

Go dtí seo, tá léirithe déanta ag Fíbín san Axis i mBaile Átha Cliath, in Áras Inis Gluaire i Maigh Eo, agus in Amharclann George Bernard Shaw i gCeatharlach. Is í Taibhdhearc na Gaillimhe an chéad stad eile acu agus beidh siad ansin ón 24 go dtí an 27 den mhí seo.

Níl ach ceathrar aisteoirí sa chliar agus toisc go bhfuil oiread sin carachtar sa dráma féin, tá ceithre nó cúig pháirt ag gach aisteoir, cé is moite de Kate Finnegan. Is ag Finnegan atá an phríomhpháirt sa dráma, páirt Mháire Ní Chathasaigh, bean óg shingil a chuirtear chuig teach níocháin toisc go raibh leanbh lasmuigh den phósadh aici agus go gcaithfear í a ‘cheartú’ dá réir.

Glacann na haisteoirí eile – Seamus Hughes, Morgan Cooke agus Úna Ní Fhlatharta – róil éagsúla toisc an oiread sin carachtar a bheith sa dráma. Baintear úsáid as aghaidheanna fidil agus puipéid sa léiriú seo chun scéal Mháire a scagadh is a chur faoi bhráid an lucht féachana.

Tá roinnt athruithe déanta ag Fíbín ar an mbunscript a bheidh ina n-ábhar plé do scoláirí Ardteiste sa seomra ranga, dála mar a bheidh an t-ábhar oideachais atá crochta in airde acu ar www.fibin.com.

Seo a leanas na hionaid mórthimpeall na tíre ina mbeidh léiriú Fíbín le feiceáil as seo go tús mhí na Nollag:

An Taibhdhearc, GAILLIMH: 24-27 Samhain. Guth: (091) 563 600

Amharclann Dean Crowe, BAILE ÁTHA LUAIN: 30 Samhain & 1 Nollaig. Fón: (090) 649 2129

69 O’Connell St. (sean-Belltable), LUIMNEACH: 3 & 4 Nollaig.  Fón: (061) 774 774

Costas €12.50 atá ar na ticéid

Fág freagra ar 'Fíbín ag triall ar an Taibhdhearc le ‘An Triail’'

  • Enda McKenna

    Sár-léiriú, an-taitneamhach, an t-aon rud a chuireann as Dom faoi, ná go bhfuil an tragóid imithe ón dtragóid.