Fear Starbucks ag cur sceon ar Dhaonlathaigh i SAM

Ní haon dea-chomhartha ar ghrúpa polaitiúil ar bith é go mbeidís ag impí ar iarrthóirí gan dul in iomaíocht leo seachas a bheith ag díriú ar a gcuid feachtas féin

Fear Starbucks ag cur sceon ar Dhaonlathaigh i SAM

Howard Schultz

Meas tú nach comhartha sóirt ar an éidreoir i measc na nDaonlathach sna Stáit Aontaithe an imní atá orthu faoi Howard Schulz? Tá sé fógartha ag Schulz iar-phríomhfheidhmeannach an chomhlachta Starbucks go bhfuil sé ag déanamh a mhachnaimh faoina ainm a chur chun cinn do thoghchán na bliana 2020.

Mar neamhspleách a sheasfaidh sé má théann sé chun cinn.

Tá sé in am an pholaitíocht a chur ar ais i seilbh na ndaoine, a deir Schulz. Ní dhéanfaidh a chuid cainte faoin toghchán aon dochar ach an oiread do dhíolachán a leabhair nua.

Tá na Daonlathaigh oibrithe go gcuimhneodh sé ar sheasamh. Tá pictiúir ar fud na meán sóisialta de chupáin Starbucks agus ‘Ná déan é Howard!’ scríofa orthu. Cén fáth? Ar fhaitíos go scoiltfeadh sé an vóta agus go dtabharfadh sin deis do Donald Trump an dara téarma a ghnóthachtáil.

Ní haon dea-chomhartha ar ghrúpa polaitiúil ar bith é go mbeidís ag impí ar iarrthóirí gan dul in iomaíocht leo seachas a bheith ag díriú ar a gcuid feachtas féin.

Agus tú ag breathnú ar pholaitíocht na Stát Aontaithe ar na saolta seo mheasfá go bhfuil an oiread cúiseanna ann vótáil in aghaidh Donald Trump go n-éireodh le Mickey Mouse an ceann is fearr a fháil air. Ná déanadh muid dearmad ar a bhfuil ar an mbealach – cásanna cúirte, tuarascáil Robert Mueller agus tuilleadh achrainn faoin mballa le Meicsiceo. Ach níl aon fhianaise againn go bhfuil droim láimhe tugtha le Trump ag na daoine a vótáil in 2017 dó. Agus tá obair le déanamh ag na Daonlathaigh dá réir.

Tá fianaise againn nach n-éiríonn le hiarrthóirí neamhspleácha i dtoghcháin uachtaránachta sna Stáit Aontaithe. I dtoghchán na bliana 1992 d’éirigh le Ross Perot agus a pháirtí Reform 18.9% de vótaí an phobail a mhealladh. Níor éirigh leis, mar sin féin, aon vóta a fháil sa gcoláiste toghchánaíochta.  Maíonn Poblachtánaigh go dtí an lá atá inniu go ndearna Perot dochar d’fheachtas George H W Bush agus gur toghadh Bill Clinton ina Uachtarán dá bharr. B’in an t-aon uair le cuimhne na ndaoine gur éirigh le hiarrthóir neamhspleách aon rian a fhágáil ar an iomaíocht, áfach.

Tá a chasta is atá an córas sna Stáit Aontaithe feicthe le fada. Cé mhéad uair le blianta beaga anuas a bhfuair iarrthóir amháin tromlach na vótaí ach gur iarrthóir eile a chuaigh sa Teach Bán? Sa mbliain 2000 d’éirigh le Ralph Nader an oiread vótaí a fháil in Florida agus gur chaill Al Gore toghchán na huachtaránachta cé go raibh guth an phobail aige.

Tharla sé do Hillary Clinton dhá bhliain ó shin nuair a fuair sí níos mó vótaí ná Trump. Agus bhí troid fhíochmhar le cur di aici in aghaidh Bernie Sanders taobh istigh dá páirtí féin. Tá go leor feisirí comhdhála tofa anois a raibh luí acu le Sanders agus a dteastaíonn uathu an páirtí a bhogadh i dtreo na heite clé. Má éiríonn leo, cén tóir a bheidh ag an bpobal ar a dteachtaireacht?

Ní bheidh aon deacracht ag Schulz an t-airgead a theastaíonn d’fheachtas toghcháin I Meiriceá a aimsiú. An mbeidh sé in ann dul i gcion ar na vótóirí? Cuimhnímis go ndeachaigh Trump i gcion ar an bpobal. Ach rinne sé é faoi bhrat cheann de na páirtithe móra. Sin an deacracht lena bhfuil á rá ag Howard Schulz. Deir sé gur neamhspleách sa lár a bheidh ann. Agus tá méid áirithe den phobal i Meiriceá a d’fháilteodh roimh a leithéid. Ach an bhféadfadh go scriosfadh an dream sin aon seans a bheadh ag na Daonlathaigh seilbh a ghlacadh ar an Teach Bán?

Fág freagra ar 'Fear Starbucks ag cur sceon ar Dhaonlathaigh i SAM'