Fear na gcnámh fear na físe

Tá a shaol caite ag Cabeludo ag bailiú cnámh agus sliogán áille ar thránna an oileáin Boipeba, sa Bhrasaíl. Mí ó shin, d’éirigh leis aisling a shaoil a fhíorú: iarsmalann a oscailt a chaomhnóidh oidhreacht mhara a oileáin dhúchais.

Boipeba1
Cabeludo lena thaispeántas

Tá rud beag le cois seachtó bliain ag Seu Tavinho, nó Cabeludo – ‘Fear na Gruaige Móire’, mar is fearr aithne air in Boipeba, oileán beag amach ó chósta thoir na Brasaíle.

Ó bhí sé ina ghasúr, siúlann sé tránna agus cladaigh choiréil a oileáin dhúchais ar thóir cnámha míolta móra, blaoscanna deilfe agus toirtíse agus sliogáin áille ar gach dath.

Mí ó shin, d’éirigh leis aisling a shaoil a fhíorú: iarsmalann a oscailt a thabharfaidh ardán ní amháin do shaibhreas na mara ach don seanchas a bhaineann leis.

Déanta na fírinne, bhí iarsmalann neamhoifigiúil ag feidhmiú i seomra suí Cabeludo le roinnt mhaith blianta anuas.

Is ann ar chuir mé aithne air don chéad uair, i Mí Feabhra na bliana seo.

Ach is mór idir an seanteach láibe dorcha ar thug mé cuairt air an t-am sin agus an iarsmalann gheal nuathógtha ar thug mé cuairt uirthi an deireadh seachtaine seo caite.

Bhí deora le súile roinnt mhaith de mhná an oileáin ar an oíche oscailte, mí ó shin,’ a d’inis Cabeludo dom. ‘Is é an chaoi nach raibh musaem nó ionad oidhreachta ná rud ar bith den tsórt sin ar an oileán go dtí anois. Anois, den chéad uair, tá áis againn chun ár gcultúr a chaomhnú.’

Ag iascach turasóirí

Boipeba4
Tá an saol ar oileán Boipeba fite fuaite leis an bhfarraige.

Ní rún ar bith é go bhfuil féiniúlacht an oileáin faoi bhagairt. Ní gá ach cuairt a thabhairt ar an gcéad oileán eile ó thuaidh, Morro de São Paulo, le tuiscint a fháil ar an imní atá ar roinnt mhaith de mhuintir Boipeba – pobal a bhfuil braon láidir bhundúchasach ina gcuislí – faoin todhchaí.

Tá Morro de São Paulo ar cheann de na cinn scríbe turasóireachta is mó sa Bhrasaíl agus tá an ruaig curtha ag infheisteoirí ón taobh amuigh ar bhunadh an oileáin sin le fada an lá.

Go dtí le gairid, ba é an t-aistear fada ón mórthír – turas báid ceithre huaire an chloig tríd inbhear mangróibh – a chosain Boipeba ó na sluaite. Ach le blianta beaga anuas tá báid ghasta ann a dhéanann an turas céanna in achar uaire an chloig.

Deich mbliana ó shin, ba í an iascaireacht an tslí bheatha ba choitianta ar an oileán. Tá dornán iascairí fágtha sa lá atá inniu ann, ach tá formhór bhunadh an oileáin ag iascach turasóirí.

Blaosc toirtíse
Blaosc toirtíse

Ní hé sin le rá go bhfuil Boipeba loite ag an turasóireacht. Tá buanchónaí ar chúig mhíle duine ar an oileán; ceithre nó cúig oiread an líon turasóirí a thabharfadh cuairt ar an oileán ag an aon am amháin.

Ach tá líon na dtithe lóistín ag méadú i rith an ama agus tá páirc thithe saoire ar na bacáin; is léir don dall go bhfuil an t-oileán ag druidim le casphointe cinniúnach.

Sliogáin agus seanchas

Tá an taispeántas in iarsmalann Cabeludo lasta ag soilse nua geala, ach ón nóiméad a chuireann an cuairteoir cos thar tairseach ann, is léir gur ar an úinéir ba cheart an spotsholas a bheith.

Tá áilleacht agus rúndiamhair ag baint leis na sliogáin, na blaoscanna agus na cnámha ar fad, ach is é seanchas Cabeludo a thugann beatha dóibh.

Togra príobháideach

Ghlac Cabeludo le síntiús míle real (320 euro) ón mbardas áitiúil, ach feachtas slua-airgeadaithe (crowdfunding) agus iasacht bainc a d’íoc as an gcuid is mó den iarsmalann, a bhfuil saorchead isteach ann.

Má ghlacaim le deontais stáit, beidh polaiteoirí de shíor ag iarraidh a ladar a chur isteach,’ a deir Cabeludo, a shaothraíonn teacht isteach teoranta leis na seoda déanta as sliogáin a dhíolann sé san iarsmalann.

Léiriú ar mheon neamhspleách an oileánaigh, seans. Cibé ar bith, níl dabht ar bith faoi ach gurb é fear seo na gcnámh fear na físe: a bhuíochas lena iarsmalann, mairfidh dúchas agus féiniúlacht a oileáin tamaillín eile.

Fág freagra ar 'Fear na gcnámh fear na físe'