Feachtas ar bun chun athbheocht a chur sa phleanáil teanga i gceantar Bhearna agus Chnoc na Cathrach

15 mí ó shin a cheadaigh Aire Stáit na Gaeltachta plean teanga Bhearna agus Chnoc na Cathrach ach tá moill ar a chur i bhfeidhm ó shin

Feachtas ar bun chun athbheocht a chur sa phleanáil teanga i gceantar Bhearna agus Chnoc na Cathrach

Tá tús curtha le feachtas chun borradh a chur faoin bpleanáil teanga i mBearna agus i gCnoc na Cathrach sa Ghaillimh.

15 mí ó shin, i mBealtaine 2021, a cheadaigh Aire Stáit na Gaeltachta plean teanga an cheantair ach tá moill ar a chur i bhfeidhm ó shin.

Dúirt Údarás na Gaeltachta an samhradh seo gur éirigh roinnt daoine as an gcoiste deonach pleanála teanga sa cheantar agus go gcaithfí ionadaíocht an phobail air a láidriú sula dtabharfaí faoi fheidhm a thabhairt do phlean teanga an cheantair.

Tá tús curtha anois le hathnuachan a dhéanamh ar an gcoiste deonach. D’fhógair Coiste Pleanála Teanga Bhearna agus Chnoc na Cathrach go bhfuil fáilte á cur acu roimh bhaill nua faoi láthair.

Dúirt urlabhraí an choiste:

“Tá áthas ar Choiste Pleanála Teanga Bhearna agus Chnoc na Cathrach a fhógairt go bhfuil céimeanna suntasacha idir lámha acu faoi láthair le dlús a chur le feidhmiú an phróisis pleanála teanga agus eagraíocht a bhunú chun an plean teanga atá ceadaithe don cheantar a chur i bhfeidhm.”

Sna seachtainí amach romhainn beidh feachtas poiblíochta ar siúl ag an gcoiste agus iad ag súil le himeachtaí a eagrú sa cheantar freisin “chun an pobal a thabhairt le chéile” agus eolas a roinnt faoi “na gníomhaíochtaí spreagúla” atá beartaithe acu.

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly níos túisce an samhradh seo gur “cúis imní” é nach raibh Oifigeach Pleanála Teanga fostaithe i gceantar Bhearna agus Chnoc na Cathrach.

“Leis an méadú atå ag teacht ar Chnoc na Cathrach agus ar Bhearna agus an méadú atá ag teacht ar labhairt na Gaeilge sa dá cheantar, tá sé práinneach go gceapfaí Oifigeach Pleanála Teanga go gairid,” a deir Catherine Connolly. “Tá sé i gceist agam súil ghéar a choinneáil ar an bplean agus ar aon dul chun cinn a dhéanfar maidir le hOifigeach Pleanála Teanga a fhostú.”

Fág freagra ar 'Feachtas ar bun chun athbheocht a chur sa phleanáil teanga i gceantar Bhearna agus Chnoc na Cathrach'