Faraor is ag sodar leis ó ghéarchéim go géarchéim a bheidh an córas sláinte go ceann tamaill

Beidh na blianta ann sula mbeidh tionchar iomlán na paindéime seo feicthe againn, gan trácht ar a bheith leigheasta

Faraor is ag sodar leis ó ghéarchéim go géarchéim a bheidh an córas sláinte go ceann tamaill

An t-aon rud gur féidir a bheith cinnte faoi maidir le haimsir na hÉireann ná nach féidir a bheith cinnte faoi rud ar bith a bhaineann léi. 

A leithéid de mhí atá feicthe againn go dtí seo. Shamhlófá gurb é an bealach atá ag an nádúr muid a chur ar ár n-aire. 

Fainic an gceapfadh sibh go bhfuil muid réidh libh, níl an cath seo thart go fóill.

An imní is mó, dar liomsa, tar éis cibirionsaithe, ionsaithe teicniúla agus sceitheadh eolais na seachtaine seo go mbeidh na blianta ann sula mbeidh tionchar iomlán na paindéime seo feicthe againn, gan trácht ar a bheith leigheasta.

Cé gur maith ann do chórais leictreonacha agus fearais theicniúla, léirigh an t-ionsaí ó choirpigh go bhfuil siad leochaileach. Chuir an scéal ar fad ar ár súile dúinn go bhfuil agus go raibh deacrachtaí ollmhóra sa gcóras sláinte roimh Chovid-19 agus go gcaithfear aghaidh a thabhairt orthu sin go fóill. 

Tá os cionn 900,000 duine ar liostaí feithimh ag fanacht le coinne. Cuirfidh ar tharla le seachtain anuas leis an líon daoine sin agus leis an bhfanacht a bheidh orthu.

Rud chomh fánach le gnáthchuairt ar an dochtúir teaghlaigh an tseachtain seo, cuireadh as a riocht é de bharr an ionsaithe. Tá poitigéirí na tíre trína chéile gan fáil acu ar chomhaid agus sonraí na n-othar a bhí ag freastal ar na dochtúirí céanna. Ní féidir freagra a fháil ar an nguthán san ospidéal má tá oideas ar leith uait.

Chaith muid an chéad ráithe den bhliain ag caitheamh anuas ar chlár vacsaíní an rialtais. Sin an t-aon chuid den chóras atá ag feidhmiú le bliain anuas. D’fhéadfadh sé seachtainí a bheith ann sula mbeidh an chuid eile den chóras ag feidhmiú in athuair.

An tseachtain seo caite d’fhoilsigh an rialtas straitéis le Sláintecare a chur i bhfeidhm. Sin an tuairisc a foilsíodh in 2018 in iarracht aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí sa gcóras sláinte. Tá sraith geallúintí sa straitéis  ach is cróga an té a déarfadh go n-éireoidh leis an gcóras gníomhú ina leith agus an bhail atá orainn faoi láthair.

Tharraing imeachtaí na seachtaine aird arís eile ar an easpa éifeachta sa gcóras sláinte – gan dóthain cosanta ag córais ríomhaireachta, cuid de na córais sean agus as dáta agus easpa eagrúcháin, shílfeá. 

Tá an oiread ama agus iarrachta caite le Covid-19 le bliain go leith agus ardmholadh tuillte do na foirne ar fad a bhfuil an oiread sin oibre déanta acu. 

Ach cén fáth, nach raibh feidhmeannach nó bainisteoir in áit éigin ag coinneáil súil ar na fadhbanna eile sa gcóras a gcaithfí filleadh orthu tráth éigin? Nó an léir gur ó thubaiste go tubaiste agus ó ghéarchéim go géarchéim a dhéantar riaradh agus bainistiú ar ár gcóras sláinte?

Fág freagra ar 'Faraor is ag sodar leis ó ghéarchéim go géarchéim a bheidh an córas sláinte go ceann tamaill'