Faoiseamh do Jeffrey Donaldson agus freasúra lag aige lasmuigh den DUP

Níl fianaise ar bith gur mian leis an bpobal dílseach a dhul ar na sráideanna, tá an tOrd Oráisteach ciúin agus tá an LCC, scáthghrúpa na ndílseach, ag tacú leis an margadh athbhunaithe

Faoiseamh do Jeffrey Donaldson agus freasúra lag aige lasmuigh den DUP

Gnáthobair in Stormont, airí á gceistiú san Tionól, pleananna á n-ullmhú agus buiséad éigeandála seolta chun ranna a choinneáil ag feidhmiú. Ina theannta sin tá na milliúin d’airgead breise ag teacht as Baile Átha Cliath chun an glas a scaoileadh ar fhiontair a bhí in abar le blianta agus íomhá an aontais cruthaithe ag an Chéad agus LeasChéad-Aire, Michelle O’Neill, Sinn Féin agus Emma Little-Pengelly, DUP.

Comharthaí dearfacha iad sin, cé go bhfuil sé róluath a rá an mbeidh an Feidhmeannas feidhmiúil. B’údar imní é leochaileacht an DUP tar éis a u-chasadh drámatúil chun éirí as an mbaghcat ar an riail díláraithe.

Bhí bunús le faitíos go mbeadh Stormont níos mífheidhmiúla ná mar a bhí cheana de bharr na scoilteanna san DUP agus idir a gceannaire agus an lucht feachtais a raibh sé i bpáirt leo in aghaidh an phrótacail iarbhreatimeachta agus creat Windsor.

Nuair a chinn an DUP, faoi cheannas Jeffrey Donaldson, go bhfillfidís ar Stormont ag tús na míosa seo bhí na heasaontóirí aontachtacha glórach. Ba mhór an chontúirt do Donaldson an freasúra inmheánach sa pháirtí. Bhí scata de na seanóirí, an cathaoirleach, an Tiarna Morrow agus an t-iar-leascheannaire, an Tiarna Nigel Dodds, ina measc chomh maith le leath dá chuid feisirí Parlaiminte. Níl siadsan ina dtost agus beidh siad ag faire a ndeis chun fianaise a sholáthar go bhfuil teorainn i bhfeidhm i Muir Éireann agus gur cheannaigh an ceannaire muc i mála nó gur bhuail sé bob ar an bpáirtí.

Bhí an freasúra aontachtach lasmuigh den pháirtí binbeach. Chuir an TUV agus dornán ‘tionchairí’ ar na meáin shóisialta feall i leith Donaldson ag rá gur ghlac sé le teorainn i Muir Éireann agus, dá bhrí sin, creimeadh ar ról Thuaisceart Éireann san Ríocht Aontaithe.

Bhí caint ar léirsithe in aghaidh athbhunú Stormont – gaotaireacht; níor facthas picéad ná agóid. Níl fianaise ar bith ann gur mian leis an bpobal dílseach a dhul ar na sráideanna, tá an tOrd Oráisteach ciúin agus tá an LCC, scáthghrúpa na ndílseach ag tacú leis an margadh athbhunaithe.

Ní hé sin an t-aon fhianaise go bhfuil an freasúra lasmuigh den DUP lag. Léirigh pobalbhreith a rinneadh seachtain thar éis athbhunú Stormont go raibh móramh den phobal aontachtach sásta le cinneadh an DUP. San suirbhé a rinne Lucid Talk don Belfast Telegraph dúirt dhá thrian d’aontachtaithe (67%) gur thacaigh siad le filleadh ar Stormont, 28% ina choinne. Trí mhí ó shin bhí 62% d’aontachtaithe diongbháilte gur cheart don DUP leanacht lena bhaghcat fiú dá gcuirfeadh sé sin deireadh le Stormont scun scan.

Más é cur chuige údarásach Donaldson, a bhí dearfach agus é ag díol a mhargaidh, nó na stailceanna faoin ngéarchéim sna seirbhísí poiblí is cúis leis is athrú suntasach ar dhearcadh an phobail, is faoiseamh é do cheannaireacht an DUP. Thairis sin léirigh 72% de lucht tacaíochta an DUP sástacht le cinneadh Donaldson rud a fhágann gur mionlach é an freasúra inmheánach freisin.

Ní raibh torthaí na pobalbhreithe ar fad dearfach áfach. Ní dea-scéal don DUP, aspail an Bhreatimeachta, é méadú ar an móramh i bhfabhar filleadh ar an Aontas Eorpach, 62%. Cúis áthais dóibh go raibh tromlach i bhfabhar fanacht san Ríocht Aontaithe, 49% i gcomparáid le 39% ar shon Éire aontaithe agus 11% neamhchinnte; mar sin féin bhí móramh den aos óg i bhfabhar Éire aontaithe.

Maidir le cóimheá na bpáirtithe bhí tacaíocht an DUP tite go 24% (ó 28%); iad seacht bpointe ar gcúl ó Shinn Féin a bhí gan athrú ag 31%. Bhí méadú dhá phointe ag an UUP go 10% agus ardú dhá phointe freisin ag TUV go 6%. I measc na bpáirtithe eile thit Alliance dhá phointe go 14% agus mhéadaigh an SDLP aon phointe amháin go 7%.

Músclaíonn na torthaí seo ceisteanna faoi chur chuige an TUV; bhagair Jim Allister go seasfadh iarrthóirí in aghaidh an DUP dá bhfillfidís ar Stormont gan an prótacal iarBhreatimeachta a bheith curtha ar ceal. Má dhéantar sin i dtoghchán Westminster faoin chóras an chéad duine abhaile seans go mbeidh Sinn Féin agus Alliance in ann a theacht i dtír ar dhá shuíochán de chuid an DUP; chuirfí milleán ar an TUV. Mura ndéanann sé beart de réir a bhriathair cén seasamh a bheidh fágtha ag Allister?

“Is maith an oidhe air é” an breithiúnas ag go leor ar chruachás Allister ach is fadhb do Donaldson agus an DUP é agus toghchán Westminster ag druidim linn. Ar an láimh eile, tá dhá bhliain aige chun tabhairt faoin bpáirtí a neartú roimh thoghchán Tionóil. Tá an DUP i bhfad taobh thiar de Shinn Féin, ach tá na sála tugtha leo acu ón bhfreasúra aontachtach go dtí seo.

Fág freagra ar 'Faoiseamh do Jeffrey Donaldson agus freasúra lag aige lasmuigh den DUP'

  • WTF

    ‘íomhá an aontais cruthaithe…’? Bhfuil fhios ag bhur gcolúnaí rud nach bhfuil ‘fhios againne?