Faoi dheireadh tháinig a mac as an gclapsholas…chaith sí isteach i gcúl an chairr é agus chuir pluid air…

Scéal casta é scéal na dteorainneacha agus na hinimirce mar a léiríonn an tuairisc seo ó lár na hEorpa

Faoi dheireadh tháinig a mac as an gclapsholas…chaith sí isteach i gcúl an chairr é agus chuir pluid air…

Bhíodh teoiric láidir ag na hipithe sna seachtóidí gur chóir do dhaoine a gcuid maoine a roinnt. Tithe, carranna, earraí tí, bia. Éinne nach raibh ag iarraidh a bheith ina Shóisialach amach is amach, ach ar thaitin cuid den fhealsúnacht leo, thacaigh siad le smaointe mar sin.

Duine den ghlúin sin is ea Klaus. Ceapann sé gur chóir do dhaoine a bhfuil cuid mhaith de mhaoin an tsaoil acu, agus a gclann tógtha, an ‘brabach’ a roinnt le daoine eile.

Nuair a cheannaigh sé a theach i mbaile beag sa Ghearmáin, bhí an t-ádh air. Fuair sé dhá theach ar aon láthair amháin. Cúpla – beirt deartháireacha a thóg an teach i dtús ama agus a rinne dhá aonad as chun nach mbeidís ag cur isteach ar a chéile. Ach mhissáil siad a chéile an oiread sin go ndeachaigh siad ag cónaí san íoslach, le chéile – agus níor bhacadar riamh leis an dá aonad cónaithe a bhí ar leibhéal na talún. Mar sin, nuair a fuair Klaus seilbh air, bhí an teach beagnach nua as an bpíosa.

Ansin nuair a thosaigh na teifigh ag teacht chun na hEorpa, chláraigh sé leis an Radhaus, Halla na Cathrach, chun go bhféadfadh sé teifigh a choinneáil. Milliún teifeach a thóg Angela Merkel isteach ag buaic na héigeandála. Ní dhéantar mórán tráchta ar an 200,000 eile a thógann an Ghearmáin gach bliain ó shin, ach is léir go bhfuil rudaí ag athrú anois. D’íoc Merkel as an bhflaithiúlacht agus sin an fáth go bhfuil na rialacha ag éirí docht.

Clann as an Mholdóiv a tugadh do Klaus agus shocraigh siad síos sa leath eile den teach. Bhí go maith ar feadh tamaill, ach d’airigh siad uathu an baile agus ar aon nós, bhí rialacha na Gearmáine maidir le hinimirce ag daingniú. D’fhill said ar an mbaile.

Go gairid ina dhiaidh sin, bhí Klaus ar thuras traenach nuair a bhuail fear ar an traein bleid air.

‘I have a problem…’ a dúirt sé. ‘Can you help?’ Bíonn Klaus fiosrach i gcónaí agus d’éist sé leis an bhfear. Béarla briste a bhí aige agus thóg sé rófhada air an scéal a insint.  Rinneadar coinne castáil le chéile arís an tráthnóna sin. 

Dhá uair an chloig a thóg sé ar an bhfear a scéal a insint. Scéal a dheirféar a bhí ann i ndáiríre. Bhí sí i sáinn san Iaráin – cé nach as an Iaráin dóibh ó dhúchas. Bhí sí ann le colscaradh a fháil óna fear céile agus bhí seisean tar éis  glanadh leis agus an triúr páistí ina chuideachta. D’fhág sé gan pingin í.

Ar an bpointe chinn Klaus go gcabhródh sé léi teacht chun na Gearmáine.

Thriail sé í a thabhairt isteach ‘ar cuireadh pearsanta’ uaidh féin. Diúltaíodh di.

Thriail sé í a thabhairt isteach mar inimirceach. Diúltaíodh di.

Ceart go leor, a dúirt sé, pósfaidh mé í. (D’eitil sé chuig an Iaráin chuige sin).

Ligeadh isteach í.

Anois bhí duine aige anois chun an teach a roinnt leis.

Shocraigh sí isteach sa leath eile den teach. Thosaigh sí, le cabhair ó Klaus, ag déanamh iarrachtaí a cuid páistí a thabhairt isteach ón Iaráin. Níor oibrigh sé sin.

Chasadh sí leo, ó am go ham san India, trí shocrú lena céad fhear céile. Bhí cuid dá muintir féin imithe go dtí an India faoin am sin. Agus, chas sí le fear as Srí Lanca ansin. Thit said i ngrá.

‘Tá a fhios agam céard a dhéanfas mé anois,’ a dúirt sí. ‘Níl siad ag ceadú dom mo chuid páistí a thabhairt go dtí an Ghearmáin. Beidh páiste eile agam!’ Phós sí fear Srí Lanca.

Cé nár aithin na húdaráis sa Ghearmáin an pósadh nua seo, ligeadh isteach an fear.

Anois sa bhliain 2018, tá beirt bhuachaillí óga acu. Gearmáinis a gcéad teanga agus sa mbaile cloiseann siad Fairsis, Hiondúis agus Béarla.

Agus ina dhiaidh sin uile, bhí sí gach lá ag iarraidh bealaí a fháil chun na gasúir eile a d’fhág sí ina diaidh a thabhairt isteach. Ní raibh ag éirí léi.

Coicís ó shin bhris ar fhoighid na mná i dteach Klaus. Thug sí léi a carr agus thiomáin sí go dtí an Ghréig. Bhí coinne déanta aici castáil leis an mac is sine aici ansin ach ní raibh sí cinnte cén áit go sonrach a dtrasnódh sé an teorainn. Agus Klaus ar an bhfón póca léi ó mhaidin go hoíche, ag tabhairt comhairle faoi bhóithre agus faoi phointí trasnaithe, thug sí buille faoi thuairim ar deireadh faoi áit áirithe amháin. Intinn na mban…

Tar éis dhá uair an chloig agus í díreach ar tí éirí as, tháinig a mac, 16 bliana d’aois, amach as an gclapsholas.

Chaith sí isteach i gcúl an chairr é, chuir pluid air agus cás mór éadaí anuas air sin. Away leo.

Uair amháin a d’fhéach garda teorainn isteach, ar theorainn na Gréige. Tharraing sé amach an cás ach níor fhéach faoin bpluid. Turas mór fada ansin thar mhór-roinn na hEorpa agus Klaus de shíor ar an bhfón sa mbaile ag tabhairt ugach di. Agus cén fáth nár stopadh iad ag aon teorainn eile? ‘Níl teorainneacha ann níos mó in Aontas na  Eorpa,’ a dúirt Klaus. ‘Ar aon nós, ní chuardaítear carranna.’

An tseachtain seo caite, leaindeáil an mháthair is an mac ag an doras. Anois tá cúigear ag roinnt na cistine i dteach Klaus. Tá an leaid trí bliana d’aois ag léamh leabhair i nGearmáinis ag an mbord. Tá an leanbh ina chodladh. Tá an t-athair ag réiteach ‘curaí’ do gach éinne sa chistin eile. Tá an mháthair imithe amach ag obair. Tá Klaus sona sásta, a chion déanta.

Bua eile ar an gcóras.

Fág freagra ar 'Faoi dheireadh tháinig a mac as an gclapsholas…chaith sí isteach i gcúl an chairr é agus chuir pluid air…'

  • MacAnRí

    Wow an-scéal é sin…galánta…buíochas le Dia tá daoine mar Klaus beo beathach sa Domhan